Cuideachta gníomhaíochta sainithe is ea Uisce Éireann. Mar atá leagtha amach i nóta 1, tá na scaireanna in Uisce Éireann i seilbh an Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe (99 scair) agus an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (scair amháin) agus ag an mbeirt sin amháin.
Is iad seo a leanas iarmhéideanna na bpáirtithe gaolmhara, maidir leis na hidirbhearta atá sonraithe sna codanna ábhartha thíos:
31-Noll-24 |
31-Noll-23 |
|
Iníoctha le hÚdaráis Áitiúla |
(30,395) |
(24,164) |
Méideanna dlite do pháirtithe gaolmhara |
(30,395) |
(24,164) |
Infháltas ó Údaráis Áitiúla |
27,327 |
27,189 |
Infháltas ón Rialtas |
19,257 |
13,360 |
Méideanna infhála ó pháirtithe gaolmhara |
46,584 |
40,549 |
Idirbhearta le hÚdaráis Áitiúla
Mar aon le cuid mhaith eintiteas eile, déileálann an Chuideachta i ngnáthchúrsa a gnó le hÚdaráis Áitiúla. De réir CITA, níl sonraí na n-idirbheart sin curtha san áireamh anseo. Tá sonraí nochta ag an gCuideachta, áfach, i dtaobh na n-idirbheart suntasach seo a leanas le hÚdaráis Áitiúla.
(a) Comhaontuithe le hÚdaráis Áitiúla
2024 |
2023 |
|
Caiteachas oibriúcháin (párolla, forchostais thacaíochta fheidhmiúil) |
(137,671) |
(223,042) |
Caiteachas oibriúcháin (forchostais ghinearálta) |
(9,097) |
(8,260) |
Caiteachas caipitil |
(41,641) |
(59,824) |
Athmhuirir sholáthair |
(27,007) |
(28,373) |
(215,416) |
(319,499) |
Rinneadh comhaontú seirbhíse (CAS) a shíniú idir an Chuideachta agus gach Údarás Áitiúil sa bhliain 2013, ar an mbonn go mbeadh seilbh ag an gCuideachta ar na sócmhainní ón 1 Eanáir 2014. Comhaontú seachfhoinsithe a bhí sa Chomhaontú Seirbhíse (CAS) idir an Chuideachta agus gach Údarás Áitiúil aonair ar feadh tréimhse suas le 12 bliain a raibh sé beartaithe ar dtús go dtiocfadh deireadh leis i 2026. Faoin CAS, d’oibrigh agus choinnigh gach Údarás Áitiúil na sócmhainní uisce thar ceann na Cuideachta ar son na dtáillí comhaontaithe a leagtar amach sna spriocanna feidhmíochta CAS agus comhaontaítear leibhéil sheirbhíse i bPlean Bliantúil Seirbhíse idir gach Údarás Áitiúil agus an Chuideachta de réir an CAS.
Le linn 2023, shínigh an Chuideachta agus gach Údarás Áitiúil Máistir-Chomhaontú Comhoibrithe (“MCC”) nua agus soláthraíodh an méid seo a leanas leis: (i) foirceannadh luath an CAS; (ii) go mbeadh freagracht iomlán ag an gCuideachta ar sheirbhísí uisce; agus (iii) go nglacfaidh an Chuideachta bainistíocht agus treoir oibrithe Sheirbhísí Uisce an Údaráis Áitiúil a chaitheann os cionn 50% dá n-am ag obair ar sheirbhísí uisce. Leanfadh an tÚdarás Áitiúil de sheirbhísí tacaíochta a chur ar fáil. Tháinig na hathruithe seo i bhfeidhm i R4 den bhliain 2023 le haghaidh 30 as na 31 Údarás Áitiúil, agus tháinig an ceann deiridh i bhfeidhm go luath sa bhliain 2024.
Ceadaíodh Ceadúnas chun na sócmhainní uisce a úsáid nach bhfuil aistrithe go dtí an Chuideachta go fóill, ach atá liostaithe chun é sin a dhéanamh, ag gach Údarás Áitiúil chuig an gCuideachta mar chuid de CAS agus MCC. Ceadúnas frithpháirteach atá sa cheadúnas. Cuireann sé ar chumas na Cuideachta agus na nÚdarás Áitiúil a gcuid feidhmeanna conarthacha agus reachtúla a chomhlíonadh amhail is dá mbeadh aistriú reachtúil na sócmhainní uisce tar éis tarlú mar a bhíothas ag súil leis (an “Ceadúnas”). Ar son an Cheadúnais, thug an Chuideachta slánaíocht do na hÚdaráis Áitiúla ó aon chaillteanais toisc gurb iad úinéirí na sócmhainní fós de réir dlí. Baineann an Ceadúnas le sócmhainní fisiceacha (m.sh. píblínte, gléasra agus trealamh) agus ní bhaineann sé le conarthaí ná teidlíochtaí (is cuma má ghabhann siad leis na sócmhainní sin). Leanfaidh an Ceadúnas ar aghaidh go dtí go n-aistrítear na sócmhainní seirbhísí uisce atá fágtha chuig an gCuideachta.
(b) Socruithe caipitil oibre
Tá airleacain caipitil oibre curtha ar fáil ag an gCuideachta do na hÚdaráis Áitiúla chun íocaíochtaí a dhéanann na hÚdaráis Áitiúla gach mí a chlúdach, íocaíochtaí a athmhuirearaítear ina dhiaidh sin ar an gCuideachta faoi na comhaontuithe ag (a) thuas. Baineann na híocaíochtaí sin le tuarastail, lármhuirir bhainistíochta, agus méid teoranta earraí agus seirbhísí.
(c) Éadáil shócmhainne
Aistríodh sócmhainní an bhonneagair uisce agus fhuíolluisce ó na hÚdaráis Áitiúla go dtí an Chuideachta ar an 1 Eanáir 2014. Níor íoc an Chuideachta aon chomaoin as na sócmhainní sealbhaithe. Rinneadh cúiteamh leis na hÚdaráis Áitiúla ar shócmhainní airgeadais áirithe (infháltais san áireamh) nó gearradh muirir orthu as dliteanais airgeadais áirithe a aistríodh. Féach ar an Ráiteas ar Shreafaí Airgid le haghaidh sonraí faoi admhálacha agus íocaíochtaí a rinneadh le linn na bliana le haghaidh sócmhainní a fuarthas ó Údaráis Áitiúla. Tá iarmhéideanna amuigh i dtaobh an idirbhirt sin curtha san áireamh sa tábla thuas.
2024 |
2023 |
|
Admhálacha le haghaidh méideanna atá dlite ó Údaráis Áitiúla |
1,075 |
982 |
Íocaíochtaí ar shócmhainní a fuarthas ó Údaráis Áitiúla |
- |
(7,365) |
(d) Aithint Fardail
Le linn 2024, ghlac an Chuideachta rialú oibriúcháin ar stóir fardail agus ar an bhfardal gaolmhar sa stór, a bhí faoi rialú oibriúcháin sheirbhísí uisce údaráis áitiúil roimhe seo. De réir bheartas cuntasaíochta na Cuideachta, aithníodh an aithint tosaigh ar fhardal a bhí á choimeád ag áiseanna den sórt sin ar dháta an aistrithe ag luach €nialas. Aithníodh ceannacháin fardail ina dhiaidh sin ag na stóir seo de réir bheartas fardail na Cuideachta.
Idirbhearta le Rialtas
Cosúil le go leor eintiteas eile, déileálann an Chuideachta i ngnáthchúrsa gnó leis an Rialtas. De réir CITA, níl sonraí na n-idirbheart sin curtha san áireamh anseo. Mar sin féin, tá mionsonraí nochta ag an gCuideachta maidir leis na hidirbhearta suntasacha seo a leanas leis an Rialtas.
Nótaí |
2024 |
2023 |
|
Ioncam fóirdheontas Rialtais |
1,139,000 |
1,068,000 |
|
Ranníocaíocht chaipitil |
571,704 |
580,630 |
|
Saoráid an Aire Airgeadais |
644,060 |
231,000 |
Ina theannta sin;
- Tá saoráidí i bhfeidhm ag an gCuideachra leis an Aire Airgeadas - féach nóta 22 le haghaidh sonraí.
- Tá saoráid caipitil oibre ag an gCuideachta le GBCN, a úsáideadh ceithre huaire le linn na bliana agus tarraingíodh €100 milliún i mí an Mhárta agus aisíocadh go hiomlán é i mí Aibreáin, tarraingíodh €125 milliún i mí Aibreáin agus aisíocadh go hiomlán é i mí an Mheithimh, tarraingíodh €135 milliún i mí Iúil agus aisíocadh go hiomlán é i mí Dheireadh Fómhair agus tarraingíodh €100 milliún i mí Dheireadh Fómhair agus aisíocadh go hiomlán é i mí na Nollag. Bhí an tsaoráid seo neamhtharraingthe ag deireadh na bliana agus sna blianta roimhe sin
Cláir aisíocaíochtaí - míreanna eisceachtúla
Clár aisíocaíochta nasc
I ndiaidh fhógra an Rialtais sa bhliain 2023 maidir le Tarscaoileadh Sealadach a bhfuil Teorainn Ama leis maidir le Ranníocaíochtaí Forbraíochtaí, tá sé de dhíth ar Uisce Éireann aisíocaíocht iomlán a chur ar fáil le haghaidh Táillí Caighdeánacha Ceangail le haghaidh forbairtí cónaithe nua ina gcomhlíontar critéir áirithe. Maoiníonn an Rialtas, ag feidhmiú ina cháil mar rialtas, an clár aisíocaíochta seo agus dá bhrí sin, cuirtear cuntasaíocht deontais i bhfeidhm. Féach nóta 11 le haghaidh sonraí faoi infháltais a aithníodh i dtaobh na scéime seo.
Nóta |
2024 |
2023 |
|
Ioncam deontais a fuarthas - clár aisíocaíochta naisc nua |
76,597 |
1,670 |
2024 |
2023 |
|
Ioncam deontais le haghaidh aisíocaíochtaí custaiméara naisc nua |
82,475 |
2,075 |
Costas deontais le haghaidh aisíocaíochtaí custaiméara naisc nua |
(82,475) |
(2,075) |
Tionchar ráitis glanioncaim le haghaidh aisíocaíochtaí custaiméara naisc nua |
- |
- |
Clár aisíocaíochta baile
De bhun alt 22 den Acht um Sheirbhísí Uisce 2017, éilíodh ar Uisce Éireann airgead tirim arbh fhiú €171.7 milliún a bailíodh roimhe sin ó chustaiméirí baile a aisíoc. Chuir an Rialtas maoiniú ar fáil don chlár aisíocaíochta custaiméirí sin, trí dheontas rialtais leis an gcoinníoll aonair go n-úsáidfear an maoiniú chun aisíocaíocht a dhéanamh le custaiméirí baile agus chun an riarachán gaolmhar a urscaoileadh. Féach nótaí 11 agus 20 le haghaidh sonraí faoi infháltais agus soláthairtí a aithníodh i dtaobh na scéime seo.
Nóta |
2024 |
2023 |
|
Ioncam deontais faighte – clár aisíocaíochta custaiméirí uisce baile |
24 |
16 |
Comhlachtaí rialtais
Cosúil le go leor eintiteas eile, déileálann an Chuideachta i ngnáthchúrsa an ghnó le comhlachtaí eile arna n-urrú ag an Rialtas, amhail Bord Soláthair an Leictreachais agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus le bainc Éireannacha áirithe atá faoi úinéireacht pháirteach ag Rialtas na hÉireann. Déantar gach idirbheart ar ghnáth-théarmaí tráchtála. Ní raibh aon chomhchruinniú ábhartha iasachtaí nó taiscí ag an gCuideachta le haon bhanc dá leithéid i rith na bliana, ag an dáta tuairiscithe, nó ag deireadh na tréimhse comparáide.
Cúiteamh na bpríomhbhainisteoirí
Déantar an phríomhbhainistíocht don bhliain 2024 agus 2023 a mheas le bheith comhdhéanta den Bhord, an POF agus na tuarascálacha a bhaineann go díreach leis an POF (arb ionann é agus coibhéis lán-aimseartha de 9.63 do 2024 agus 10.00 do 2023).
2024 |
2023 |
|
Costais ghearrthéarmacha |
(2,536) |
(2,550) |
Costais iarfhostaíochta |
(319) |
(331) |
Iomlán |
(2,855) |
(2,881) |
Stiúrthóirí
Ní raibh aon leasanna tairbhiúla ag na stiúrthóirí sa Chuideachta ag aon am i rith na bliana nó ag an dáta tuairiscithe.
Idirbhearta le Grúpa Ervia sa bhliain 2023
Mar a dhéantar cur síos air i nóta 1, de réir an Achta um Sheirbhísí Uisce (Leasú) 2022, scar an Chuideachta go dlíthiúil ó Ervia ar an 1 Eanáir 2023 agus mar thoradh air sin, meastar nach bhfuil Ervia, Grúpa Ervia agus Líonraí Gáis Éireann mar pháirtí gaolmhar a thuilleadh.
Nuair a scaradh go dlíthiúil ó Ervia, ghlac Uisce Éireann leis an oibleagáid sochair scoir, a cinneadh de réir ríomhanna achtúireacha ar dháta an scartha, maidir le costas seirbhíse fostaithe amach anseo a ghlac páirt i scéim pinsin sochair shainithe Ervia go dtí an scaradh dlíthiúil ó Ervia. Fuarthas coigeartú cúitimh airgid thirim de €12.2 milliún ó Ervia ar an 8 Feabhra 2023, agus íocadh isteach é i Scéim Aoisliúntais Uisce Éireann (ex-Ervia) i ndiaidh fhaomhadh cuí an Aire. Socraíodh an coigeartú cúitimh airgead thirim ar bhonn cionroinnte cothroime den easnamh maoinithe achtúireachta iomláin idir Ervia agus Uisce Éireann, bunaithe ar an mballraíocht ghníomhach den scéim roimh an scaradh dlíthiúil. Cuirtear an dliteanas breise thar shócmhainn in iúl i gcaipiteal gnáthscaireanna mar ranníocaíocht chaipitil.
Nótaí |
2023 €’000 |
|
Oibleagáid pinsin ar glacadh léi ar an 1 Eanáir 2023 |
(13,045) |
|
Cúiteamh airgid thirim a fuarthas le haghaidh oibleagáid pinsin ar glacadh léi |
12,202 |
|
Idirbheart rialaithe comónta a aithníodh i gcaipiteal gnáthscaireanna (glan) |
737 |
|
Sócmhainn chánach iarchurtha a aithníodh |
105 |