22. Bainistíocht Riosca Airgeadais agus Sócmhainní/Dliteanais Airgeadais

Is féidir anailís a dhéanamh ar shuimeanna glanluacha shócmhainní agus dhliteanais airgeadais na Cuideachta mar atá leagtha amach thíos. Níl luachanna córa ionstraimí airgeadais nochta ag an gCuideachta, áit ina bhfuil a suimeanna glanluacha mar neasúchán réasúnta luacha chóir. Faigheann suimeanna glanluacha airgead thirim agus coibhéisí airgid thirim, trádáil agus infháltais eile (glan), trádáil agus suimeanna iníoctha eile, agus dliteanais reatha eile na Cuideachta, a luachanna córa mar gheall ar nádúr gearrthéarmach na n-ionstraimí seo.

Ag costas amúchta

Nótaí

31-Noll-24
€’000

31-Noll-23
€’000

Sócmhainní airgeadais

Trádáil agus infháltais eile

(i)

148,951

131,237

Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim - ar fáil d’úsáid cuideachta

345,428

289,352

Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim - iarmhéideanna tríú páirtí

71,408

6,322

Sócmhainní airgeadais - urrús airgeadais coimeádta ar thaisce téarma

40,000

72,250

605,787

499,161

Dliteanais airgeadais

Iasachtaí agus fiachas eile

(ii)

(1,013,353)

(830,073)

Trádáil agus suimeanna iníoctha eile

(iii)

(193,613)

(165,373)

(1,206,966)

(995,446)

Glandliteanais airgeadais

(601,179)

(496,285)

(i) Níor cuireadh réamhíocaíochtaí san áireamh toisc nach ndéantar iad seo a aicmiú mar shócmhainn airgeadais.

(ii) Ba é luach cóir na n-iasachtaí agus na bhfiachas eile amhail an 31 Nollaig 2024 ná €962.5 milliún (2023: €739.2 milliún).

(iii) Níor cuireadh speansais agus dliteanais chánach fhabhraithe san áireamh toisc nach ndéantar iad seo a aicmiú mar dhliteanais airgeadais.

Bainistíocht Riosca Airgeadais

Tá beartais bhainistíochta riosca airgeadais curtha ar bun chun na rioscaí atá ag bagairt ar an gCuideachta a aithint agus anailís a dhéanamh orthu, chun teorainneacha agus rialuithe cuí riosca a shocrú agus chun monatóireacht a dhéanamh ar rioscaí. Déantar na beartais agus na córais bhainistíochta riosca airgeadais sin a athbhreithniú go rialta chun go mbeidh siad ag teacht le hathruithe sna dálaí margaidh agus le gníomhaíochtaí na Cuideachta. Forbraíonn an Chuideachta, trína caighdeáin agus a nósanna imeachta oiliúna, timpeallacht rialaithe eagraithe agus cuiditheach, timpeallacht ina dtuigeann na fostaithe ar fad a ról agus a n-oibleagáidí.

(i) Riosca creidmheasa

Sainítear riosca creidmheasa mar an caillteanas iomlán a d’fhulaingeodh an Chuideachta ar a cuid idirbheart gnó agus margaidh dá loicfeadh frithpháirtí agus dá mainneodh sé a chuid oibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh. Áirítear leis nochtaí creidmheasa ag eascairt as gaolta trádála le custaiméirí. Is é cuspóir na bainistíochta riosca creidmheasa ná nochtaí riosca creidmheasa a bhainistiú agus a rialú laistigh de pharaiméadair inghlactha, agus an toradh á bharrfheabhsú lena linn sin.

Freagraíonn suim ghlanluacha na sócmhainní airgeadais don uasmhéid neamhchosanta creidmheasa. An neamhchosaint uasta ar riosca creidmheasa ar dháta an tuairiscithe:

31-Noll-24
€’000

31-Noll-23
€’000

Trádáil agus infháltais eile (gan réamhíocaíochtaí san áireamh)

148,951

131,237

Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim - ar fáil d’úsáid cuideachta

345,428

289,352

Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim - iarmhéideanna tríú páirtí

71,408

6,322

Sócmhainní airgeadais - urrús airgeadais coimeádta ar thaisce téarma

40,000

72,250

Iomlán

605,787

499,161

(i) (a) Riosca creidmheasa a bhaineann le ciste

Bainistíonn feidhm Chiste na Cuideachta rioscaí creidmheasa a bhaineann le ciste trí úsáid a bhaint as teorainneacha creidmheasa contrapháirtí a chuireann san áireamh, i measc imthosca ábhartha eile, rátálacha creidmheasa foilsithe. Is é beartas na Cuideachta ná go gcuirtear airgead i dtaisce den chuid is mó le hinstitiúidí a choimeádann rátáil chreidmheasa de ghrád infheistíochta. Déanann an Ciste measúnú agus tomhas rialta ar a neamhchosaintí contrapháirtí cisteáin.

(i) (b) Riosca creidmheasa a bhaineann le trádáil

Féach ar nóta 11 chun anailís a fháil ar nochtadh na Cuideachta do riosca creidmheasa a bhaineann le trádáil.

(ii) Riosca maoinithe agus leachtachta

Is ionann cur chuige na Cuideachta maidir le riosca maoinithe agus leachtach a bhainistiú ná a chinntiú, a mhéid agus is féidir, go bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige chun a cuid dliteanas a chomhlíonadh nuair atá siad dlite, bíodh sé sin i rith ghnáthdhálaí nó i ndálaí anáis.

Forbraíonn agus cothaíonn an Ciste caidrimh le hinstitiúidí airgeadais chun a dtuiscint ar an ngnó a fhorbairt agus chun a dtiomantas fadtéarmach don Chuideachta a fhorbairt. Déantar gach seirbhís bhaincéireachta agus chisteáin a fhoinsiú ag praghsanna iomaíocha.

Tá an Ciste freagrach as a chinntiú go bhfuil rochtain ag an gCuideachta ar leachtacht imleor chun a chinntiú go bhfuil sí in ann oibleagáidí a chomhlíonadh a eascraíonn as a oibríochtaí ó lá go lá, oibleagáidí fiacha atá ag aibiú agus eisíocaíochtaí infheistíochta caipitiúla. Déantar comhthiomsú airgid agus déantar iarmhéideanna cuntais a ghlanluacháil áit is féidir chun airgead tirim gan úsáid agus an speansas úis a íoslaghdú.

(ii) (a) Barrachais airgid thirim

Is chun críocha laghdú a dhéanamh ar an leibhéal fiachais go príomha a úsáidtear barrachais airgid thirim. Coinnítear barrachais airgid thirim in Euro agus infheistítear iad den chuid is mó i gcuntais taisce.

(ii) (b) Maoiniú

Tá €998.6 milliún de na saoráidí iasachta Stáit, a chuir an tAire Airgeadais ar fáil do chaiteachas caipitil curtha i leith na hearnála neamhbhaile don tréimhse 2020 go 2024, tarraingthe go hiomlán anois. I mBuiséad 2025 an Rialtais, fógraíodh go gcuirfeadh an tAire Airgeadais maoiniú €1 billiún ar fáil d’Uisce Éireann chun tacú le hinfheistíocht chaipitil amach anseo. Tá €300 milliún le cur ar fáil i 2025 chun infheistíocht chaipitil bhaile a mhaoiniú agus €700 milliún le cur ar fáil chun infheistíocht chaipitil neamhbhaile a mhaoiniú thar an tréimhse 2025 go 2027, agus cuirfear €214 milliún de sin ar fáil i 2025.

Choimeád Uisce Éireann saoráid rótharraingthe baincéireachta de luach €10 milliún lena riachtanais bhaincéireachta laethúla a shásamh. Níl in iasachtaí na Cuideachta ach saoráidí arna dtarraingt ón Rialtas, ag rátaí seasta úis.

31-Noll-24

31-Noll-23

Meánráta úis ualaithe ar phunann iasachtaí gan íoc na Cuideachta

1.83%

1.53%

Meán-aibíocht fiach

7.61 bliain

8.09 bliain

31-Noll-24
€’000

31-Noll-23
€’000

Iomlán na n-iasachtaí (gan dliteanais léasa san áireamh)

(998,559)

(814,499)

Saoráid caipitil oibre an Rialtais atá neamhtharraingthe agus tiomanta (GBCN)

(350,000)

(350,000)

Saoráidí bainc tiomanta neamhtharraingthe (gan saoráid rótharraingte san áireamh)

-

-

Teorainn iasachta reachtúil

(2,000,000)

(2,000,000)

(ii) (c) Nochtadh do riosca leachtachta

Seo a leanas aibíochtaí conarthacha na ndliteanas airgeadais, lena n-áirítear an íocaíocht úis neamhlascainithe a bhaineann le hiasachtaí agus fiachas eile.

Suim ghlanluacha
€’000

Sreafaí airgid conarthacha
€’000

< 1 bhliain
€’000

1-2 bhliain
€’000

2-5 bliana
€’000

> 5 bliana
€’000

Ar an 31 Nollaig 2024

Iasachtaí agus fiachas eile

(1,013,354)

(1,174,584)

(24,136)

(20,034)

(59,254)

(1,071,160)

Trádáil agus suimeanna iníoctha eile

(193,613)

(193,613)

(104,508)

(45,953)

(43,152)

-

Iomlán

(1,206,967)

(1,368,197)

(128,644)

(65,987)

(102,406)

(1,071,160)

Ar an 31 Nollaig 2023

Iasachtaí agus fiachas eile

(830,074)

(946,393)

(9,900)

(15,948)

(40,372)

(880,173)

Trádáil agus suimeanna iníoctha eile

(165,373)

(165,373)

(109,340)

(27,953)

(28,080)

-

Iomlán

(995,447)

(1,111,766)

(119,240)

(43,901)

(68,452)

(880,173)

(iii) Riosca margaidh

Is éard atá i gceist le riosca margaidh ná an fhéidearthacht go mbeadh drochthionchar ag athruithe ar thosca margaidh ar luach shócmhainní airgeadais, dliteanais nó sreafaí airgid ionchais na Cuideachta don todhchaí. Is é cuspóir na bainistíochta riosca margaidh ná neamhchosaintí do riosca margaidh a bhainistiú agus a rialú laistigh de pharaiméadair inghlactha agus an toradh a bharrfheabhsú. Tá an Ciste freagrach as riosca margaidh a bhainistiú maidir le rátaí malairte airgeadra agus rátaí úis na Cuideachta.

(iii) (a) Riosca an ráta malairte

Tá an Chuideachta nochta do riosca airgeadra eachtraigh áirithe a bhaineann le trádáil nach bhfuil suntasach agus mar sin is fíorbheag an tionchar ar thorthaí na Cuideachta.

(iii) (b) Riosca an ráta úis

Tagann riosca rátaí úis chun cinn ó athruithe ar rátaí úis a mbíonn tionchar acu ar luach margaidh shócmhainní agus dhliteanas airgeadais na Cuideachta agus ar leibhéal na muirear airgeadais. Mar a thuairiscítear sa chuid riosca leachtachta den nóta seo, tá iasachtaí uile na Cuideachta fadtéarmach agus ag rátaí úis seasta ar an 31 Nollaig 2024. Dá bhrí sin níl an Chuideachta neamhchosanta a thuilleadh ar riosca ráta úis sreafa airgid ar a hiasachtaí.