11. Trádáil agus Infháltais Eile

Nótaí

31-Noll-24
€’000

31-Noll-23
€’000

Infháltais thrádála

28,889

31,354

Úsáid neamhbhilleáilte

69,564

54,239

Méideanna dlite ó pháirtithe gaolmhara

25

27,369

27,189

Clár Aisíocaíochta Custaiméirí Infhála ón Rialtas

25

12,932

12,956

Clár Aisíocaíochta nasc infhála ón Rialtas

25

6,283

404

Infháltais Eile

3,914

5,095

Fo-iomlán

148,951

131,237

Réamhíocaíochtaí

19,919

32,898

Iomlán

168,870

164,135

Neamh-reatha

-

-

Reatha

168,870

164,135

Iomlán

168,870

164,135

Sonraítear trádáil agus infháltais eile gan caillteanais chreidmheasa ionchais a áireamh agus aicmítear iad sna ráitis airgeadais mar reatha nó neamhreatha i gcomhréir lena réadú ionchais. Féach ar nóta 1 chun measúnú a fháil ar na breithiúnais agus na meastacháin ríthábhachtacha atá curtha i bhfeidhm. Déan tagairt do nóta 25 le haghaidh tuilleadh sonraí maidir le hiarmhéideanna le páirtithe gaolmhara.

Cur isteach ar infháltais thrádála agus liúntas maidir le caillteanais chreidmheasa ionchais

Níl aon chomhchruinniú ábhartha riosca creidmheasa i gceist mar go gcuimsíonn infháltais thrádála na Cuideachta méideanna atá dlite ó líon mór custaiméirí nach custaiméirí baile iad, agus iad scaipthe thar thionscail éagsúla.

Athraíonn na téarmaí creidmheasa do chustaiméirí neamhbhaile de réir réigiúin Údaráis Áitiúil, ag dul suas go 45 lá. Tá srian curtha ar an gCuideachta ó athrú a dhéanamh ar na téarmaí creidmheasa seo, ach beidh siad ag obair chun iad seo a ailíniú mar chuid den phróiseas foriomlán chun taraifí neamhbhaile a chomhoiriúnú. Déantar bainistiú ar riosca creidmheasa infháltais trádála trí mhonatóireacht réamhghníomhach agus bainistíocht a dhéanamh ar iarmhéideanna infháltais trádála. Tar éis aistriú na bhféichiúnaithe nach féichiúnaithe baile iad ó 31 Údarás Áitiúil sa bhliain 2017, tá infheictheacht agus smacht iomlán ag an gCuideachta maidir le gach gné den ghníomhaíocht chreidmheasa agus bhailithe. Déanann foireann bailiúcháin creidmheasa na Cuideachta bainistíocht ghníomhach ar chuntais i riaráiste trí mheasúnú iar-iniúchta custaiméara. Tá an Chuideachta ag déanamh forbairt agus feabhsúchán leanúnach ar a chleachtais bhainistíochta riosca creidmheasa.

Tá roinnt iarmhéideanna infhála eile ag an gCuideachta atá dlite ó Údaráis Áitiúla, ón Rialtas agus ó pháirtithe gaolmhara eile. Bíonn teagmháil ghníomhach ag an gCuideachta le hÚdaráis Áitiúla ar bhonn rialta. Creideann an Chuideachta go bhfuil creidmheasa íosta aici a thagann óna hidirbhearta oibriúcháin le hÚdaráis Áitiúla agus leis an Rialtas.

Díscríobhann an Chuideachta infháltas trádála áit gurb ann d’fhaisnéis a shonraíonn go bhfuil deacracht mhór airgeadais ag an bhféichiúnaí agus nach dócha le réasún go dtarlóidh aisghabháil m.sh. nuair atá an féichiúnaí curtha faoi leachtú nó nuair atá siad tar éis dul isteach in imeachtaí féimheachta. Tá an próiseas sin faoi réir rialachas inmheánach láidir mar a luaitear thíos. Níl ceann ar bith de na hinfháltais thrádála a díscríobhadh faoi réir gníomhaíochtaí forfheidhmithe.

Tá aosú na n-earraí trádála agus infháltais eile leagtha amach thíos. Ní raibh aon infháltas ag an gCuideachta a bhí thar an am dlite agus nach raibh bearnaithe.

Ollsuim ghlanluacha

Liúntas maidir le caillteanais chreidmheasa ionchais

Glaninfháltas

Ollsuim ghlanluacha

Liúntas maidir le caillteanais chreidmheasa ionchais

Glaninfháltas

31-Noll-24
€’000

31-Noll-24
€’000

31-Noll-24
€’000

31-Noll-23
€’000

31-Noll-23
€’000

31-Noll-23
€’000

Nach bhfuil thar an dáta dlite

128,696

(14,190)

114,506

109,999

(14,606)

95,393

1-365 lá thar am

68,572

(37,208)

31,364

70,537

(38,584)

31,953

>1 bhliain

79,359

(76,278)

3,081

82,402

(78,511)

3,891

Iomlán

276,627

(127,676)

148,951

262,938

(131,701)

131,237

Léirítear sa tábla seo a leanas gluaiseacht an liúntais maidir le caillteanais chreidmheasa ionchasacha i gcás earraí infhaighte trádála:

2024
€’000

2023
€’000

Ar an 1 Eanáir

(131,701)

(135,961)

Cur isteach ar infháltais thrádála

(19,525)

(16,449)

Liúntas a úsáideadh

23,550

20,709

Ar an 31 Nollaig

(127,676)

(131,701)

Roimh 2017, agus ag teacht leis na Comhaontuithe Seirbhíse, rinne na hÚdaráis Áitiúla, agus iad ag obair mar ghníomhairí don Chuideachta, billí a chur amach le haghaidh infháltais thrádála neamhbhaile agus na hinfháltais sin a bhailiú thar ceann na Cuideachta. Chríochnaigh an Chuideachta ascnamh na bpróiseas um billeáil neamhbhaile de chuid na 31 Údarás Áitiúil sa bhliain 2017, agus leis sin tógadh le chéile gach gné de bhainistíocht seirbhísí uisce le haghaidh billeála agus ioncam faoin gCuideachta. Tá an tréimhse ó ascnamh na bpróiseas um billeáil ghnó réasúnta gearr, agus mar sin agus mar a sonraíodh roimhe, tá an Chuideachta fós ag forbairt agus ag feabhsú a cuid cleachtas um bainistíocht riosca creidmheasa.

Tá sraith láidir cleachtais bhainistíochta riosca creidmheasa forbartha ag an gcuideachta. Is é beartas na Cuideachta ná fiacha a dhíscríobh i gcás amháin, nuair nach bhfuil an custaiméir ag úsáid ár seirbhíse a thuilleadh agus nuair a bhfuil gníomhaíochtaí forfheidhmithe na Cuideachta go léir triailte. Tá an próiseas seo faoi réir athbhreithnithe agus ceada Choiste Creidmheasa na Cuideachta agus tá an próiseas ag cloí le nósanna imeachta rialachais inmheánaigh. Rinneadh líon teoranta d’fhéichiúnaithe neamhbhaile a dhíscríobh go dtí seo. Mar gheall ar na tosca sin, is é an toradh a bhí ar fheidhmiú bheartas cuntasaíochta na Cuideachta, maidir le caillteanais chreidmheasa ionchais ar infháltais thrádála a aithint, ná go ndearnadh soláthar do chaillteanais chreidmheasa ionchais de 56% dá oll-infháltais thrádála neamhbhaile amhail an 31 Nollaig 2024 (2023: 60%). Is ionann an muirear ar chaillteanais chreidmheasa ionchais maidir le hinfháltais neamhbhaile, arna aithint ag an gCuideachta sa bhliain 2024, agus 7% den ioncam gnó neamhbhaile a aithníodh sa bhliain 2024 (2023: 7%). Féach ar nóta 1 chun measúnú a fháil ar na breithiúnais agus na meastacháin ríthábhachtacha atá curtha i bhfeidhm.