1. Ráiteas faoi na Beartais Chuntasaíochta

Bunús an ullmhúcháin

Cuideachta gníomhaíochta sainithe atá in Uisce Éireann (‘an Chuideachta’) atá faoi theorainn scaireanna agus corpraithe in Éirinn ar an 17 Iúil 2013. Is í uimhir chlárúcháin na cuideachta ná 530363. Tá scaireanna Uisce Éireann i seilbh an Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe (99 scair) agus an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (scair amháin) agus ag an mbeirt sin amháin.

Ullmhaítear na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (CITA) agus le cinntí chláir oibre Choiste Léirmhíniúcháin na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRIC), mar atá formhuinithe ag an AE, agus atá i bhfeidhm do na tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh, agus Achtanna na gCuideachtaí 2014. Cuirtear na ráitis airgeadais i láthair in Euro, slánaithe don mhíle is gaire, agus ullmhaítear iad ar bhonn costas stairiúil.

Cuireadh na beartais sin i bhfeidhm go comhleanúnach sna blianta ar fad a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais seo, ach amháin maidir le glacadh na gcaighdeán nua (mar atá leagtha amach thíos). Agus na beartais chuntasaíochta seo á gcur i bhfeidhm, ní mór breithiúnais agus meastacháin a úsáid a mbíonn tionchar acu ar na méideanna a aithnítear sna ráitis airgeadais. Tá sonraí ar na breithiúnais agus meastacháin chuntasaíochta is suntasaí leagtha amach i gcuid deiridh an nóta seo faoi “Breithiúnais agus Meastacháin Chuntasaíochta Ríthábhachtacha”.

Gnóthas Leantach

Creideann na Stiúrthóirí go bhfuil an Chuideachta in ann rioscaí a bhainistiú go rathúil. Leagtar amach i nóta 22 a ghabhann leis na ráitis airgeadais, cuspóirí, beartais agus próiseas na Cuideachta lena caipiteal, a cuspóirí bainistíochta riosca airgeadais agus a neamhchosaint ar riosca creidmheasa agus riosca leachtachta a bhainistiú.

Léiríonn réamhaisnéisí agus réamh-mheastacháin na Cuideachta go bhfuiltear ag súil go sásóidh Uisce Éireann a dhliteanais de réir mar a bhíonn siad dlite trí mheascán de mhaoiniú Stáit agus taraifí a ghearrann Uisce Éireann. Tugtar achoimre ar chreat athbhreithnithe do shamhail mhaoinithe fhadtéarmach na Cuideachta san Acht um Sheirbhísí Uisce 2017. Aontaíodh agus ceadaíodh maoiniú stáit d’Uisce Éireann le haghaidh 2025 i R4 den bhliain 2024 mar chuid de phróiseas buiséadach an Rialtais. Creideann na stiúrthóirí gur léirigh an Rialtas a thiomantas do mhaoiniúchán leanúnach Uisce Éireann, agus i ndiaidh 2025 san áireamh, trí achtú an Achta um Sheirbhísí Uisce (Leasú) 2022 i mí na Nollag 2022, agus léiríonn sé seo tiomantas an Rialtais d’Uisce Éireann a choimeád faoi úinéireacht phoiblí mar fhóntas náisiúnta, neamhspleách agus rialaithe. Chomh maith leis sin, thug An Creat um Sholáthar Seirbhísí Uisce sa Todhchaí, a d’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mí an Mheithimh 2022, léiriú breise ar straitéis fhadtéarmach an Rialtais don Chuideachta trínar ghlac Uisce Éireann lánfhreagracht as soláthar gach seirbhíse uisce phoiblí sa bhliain 2023. Léirítear tiomantas an Rialtais do mhaoiniúchán leanúnach d’infheistíocht chaipitil trí chlár infheistíochta caipitil Uisce Éireann a chuimsiú i dTionscadal Éireann 2040, sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 agus faomhadh Phlean Maoinithe Straitéiseach Uisce Éireann (2025-2029) sa bhliain 2024.

I mí an Mheithimh 2020, chuaigh an Chuideachta i mbun saoráidí iasachta Stáit nua, a chuir an tAire Airgeadais ar fáil do chaiteachas caipitil a raibh an earnáil neamhbhaile ina cúis leis. Tá na saoráidí seo tarraingthe go hiomlán anois. I mBuiséad 2025 an Rialtais, fógraíodh go gcuirfeadh an tAire Airgeadais maoiniú €1 billiún ar fáil chun tacú leis an infheistíocht chaipitil a chuimsítear sa Phlean Maoinithe Straitéiseach 2025-2029 a ceadaíodh, go gcuirfí €300 milliún ar fáil i 2025 chun infheistíocht chaipitil bhaile a mhaoiniú, go gcuirfí €700 milliún ar fáil chun infheistíocht chaipitil neamhbhaile a mhaoiniú thar an tréimhse 2025-2027, agus go gcuirfear €214 milliún de sin ar fáil i 2025. Sa bhliain 2021, chuaigh an Chuideachta i mbun saoráid caipitil oibre €350 milliún le Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta. Gheall Uisce Éireann go bhféachfar chuige nach mbeidh an tsaoráid caipitil oibre de chuid Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta tarraingthe ar an 31 Nollaig gach bliain féilire, ach amháin má fhaigheann Uisce Éireann cead ón Aire roimh ré leas a bhaint as an tsaoráid. Tá saoráid rótharraingthe €10 milliún ag an gCuideachta freisin chun cabhair a thabhairt lena riachtanais bhainc laethúla a bhainistiú.

Tar éis breithniú a dhéanamh ar na fíricí atá leagtha amach thuas, agus ag tabhairt faoi deara staid ghlandliteanais reatha na Cuideachta, arb ionann é agus €97 milliún amhail an 31 Nollaig 2024 (2023: €100 milliún), tá na Stiúrthóirí tar éis teacht ar an tátal go bhfuil ionchas réasúnach acu go leanfaidh an Chuideachta ag freastal ar a dliteanais de réir mar a bhíonn siad dlite go ceann i bhfad agus dá réir sin ullmhaítear na ráitis airgeadais ar bhonn gnóthais leantaigh. Tá na Stiúrthóirí tagtha ar an tátal nach bhfuil aon neamhchinnteacht ábhartha ann a bhaineann le himeachtaí nó le staideanna a d’fhágfadh aon amhras suntasach ar chumas na Cuideachta leanúint mar ghnóthas leantach thar thréimhse na measúnachta. Is í an tréimhse mheasúnachta a úsáideann na Stiúrthóirí ná dhá mhí dhéag ó dháta ceadaithe na ráiteas airgeadais bhliantúil seo.

Caighdeáin chuntasaíochta nua CITA i bhfeidhm don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2024

Tá na leasuithe seo a leanas ar chaighdeáin glactha ag an gCuideachta, nach raibh aon tionchar ábhartha acu ar thorthaí na Cuideachta ná ar nochtaí sna ráitis airgeadais:

  • Leasúcháin ar CIC 7 Ráiteas ar Shreafaí Airgeadais agus CITA 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí: Socrúcháin Airgeadais le haghaidh Soláthraithe
  • Leasúcháin ar CIC 1 Dliteanais a Aicmiú mar Reatha nó Neamhreatha
  • Leasúcháin ar CIC 1 Dliteanais a Aicmiú mar Reatha nó Neamhreatha – Dáta Éifeachtach a Iarchur
  • Leasúcháin ar CIC 1 Dliteanais Neamhreatha le Cúnaint
  • Leasuithe ar Léasanna CITA 16: Dliteanas Léasa i nDíolachán agus Aisléasú

Caighdeáin agus léirmhínithe nua cuntasaíochta CITA nár glacadh fós

Rinneadh na caighdeáin chuntasaíochta nua seo a leanas agus na leasuithe ar chaighdeáin atá ann cheana a eisiúint, ach níl siad in éifeacht go fóill don tréimhse chuntasaíochta seo nó níl tacaíocht faighte ón AE ina leith go fóill:

  • Fochuideachtaí CITA 19 nach bhfuil Cuntasacht Phoiblí Acu: Nochtaí
  • CITA 18 Cur i Láthair agus Nochtadh sna Ráitis Airgeadais
  • Leasuithe ar CITA 9 agus CITA 7: Conarthaí a Thagraíonn do Leictreachas atá ag brath ar an Dúlra
  • Feabhsuithe Bliantúla Imleabhar 11
  • Leasuithe ar CITA 9 agus CITA 7: Ionstraimí Airgeadais a Aicmiú agus a Thomhas
  • Leasúcháin ar CIC 21 Éifeachtaí na nAthruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí: Easpa Inmhalartachta

Táthar ag súil le nach mbeidh tionchar suntasach ag cur i bhfeidhm na leasuithe CITA atá fágtha agus na bhfeabhsuithe bliantúla, a eisíodh ar an 31 Nollaig 2024, ach nach bhfuil i bhfeidhm go fóill, ar ráitis airgeadais na Cuideachta.

Eolas Beartais Chuntasaíochta Ábhartha

a) Réadmhaoin, gléasra agus trealamh

Aithint

Déantar réadmhaoin, gléasra agus trealamh a thomhas ag a gcostas lúide a ndímheas carntha agus a gcaillteanais charntha de bharr an bhearnúcháin. Cuimsítear i gcostais costais dhíreacha (lena n-áirítear costais atá inchurtha go díreach i leith saothair agus forchostais), agus ús arna thabhú chun tógáil na sócmhainne a mhaoiniú nuair a ghlacann an tógáil sin tréimhse ama nach beag le críochnú. Is ionann sócmhainní arna dtógáil agus an costas as réadmhaoin, gléasra agus trealamh a cheannach, a thógáil agus a shuiteáil sula mbaintear úsáid tháirgiúil astu. Aithnítear earraí amhail páirteanna spártha, trealamh cúltaca agus trealamh seirbhísithe mar threalamh réadmhaoine, gléasra agus trealamh nuair a chomhlíonann siad an sainmhíniú faoi CIC 16, seachas sin aicmítear earraí den sórt sin mar fhardal.

Caiteachais ina dhiaidh sin

Aithnítear iarchaiteachas, mar shampla, an costas as cuid de mhír réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a athsholáthar, i suim ghlanluacha na míre más dóchúil go sreabhfaidh na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ag gabháil leis an mír amach anseo chuig an gCuideachta, agus más féidir a costas a thomhas go hiontaofa. Dí-aithnítear suim ghlanluacha na coda athsholáthartha. Aithnítear na costais as seirbhísiú laethúil réadmhaoine, gléasra agus trealaimh sa ráiteas ioncaim de réir mar a thabhaítear iad.

Dímheas

Dímheasann míreanna réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ón uair a bhíonn siad ar fáil lena n-úsáid.

Ríomhtar an muirear as dímheas go príomha chun costas na réadmhaoine, an ghléasra agus an trealaimh a dhíluacháil, lúide an costas iarmharach measta, de réir méid cothrom thar a saolré fóinteach measta. Dímheastar sócmhainní léasaithe thar théarma an léasa nó a saolré fóinteach, cibé acu is giorra.

Is iad na haicmithe móra sócmhainne agus a saolré fóinteach measta ná:

Sócmhainní bonneagair (lena n-áirítear boscaí teorann, taiscumair, píblínte uisce agus fuíolluisce agus naisc sheirbhíse)

40-100 bliain

Sócmhainní oibriúcháin (lena n-áirítear méadair, caidéil, agus córais leictreacha agus mheicniúla)

12-70 bliain

Sócmhainní neamh-líonra (lena n-áirítear daingneáin agus feistis, feithiclí agus trealamh ríomhaire)

3-15 bliana

Ní ghearrtar dímheas ar thalamh ná sócmhainní atá á dtógáil. Déantar athbhreithniú ar an modh dímheasa, ar shaolréanna fóinteacha agus ar luachanna iarmharacha ar gach dáta tuairiscithe (lena n-áirítear aon tionchar féideartha mar gheall ar an athrú aeráide agus an inbhuanaitheacht a chur san áireamh) agus déantar iad a choigeartú más cuí.

b) Sócmhainní doláimhsithe

Bogearraí agus bogearraí á bhforbairt

Áirítear le costais bogearraí sócmhainní a fhorbraítear go hinmheánach agus sócmhainní a cheannaítear go seachtrach araon.

Tagraíonn bogearraí a fhorbraítear go hinmheánach do chostais a bhaineann go díreach le táirgeadh táirgí inaitheanta agus uathúla bogearraí atá rialaithe ag an gCuideachta. Aithnítear na costais sin mar shócmhainní doláimhsithe má mheastar gur dóchúil go mbeidh tairbhí eacnamaíocha ag baint leis na táirgí sin a sháróidh na costais aitheanta. Ní dhéantar na costais sin a chaipitliú ach má chomhlíontar na critéir atá leagtha amach i CIC 38. Áirítear leis an gcaiteachas a dhéantar a chaipitliú an costas as ábhair, saothar díreach, forchostais atá inchurtha go díreach i leith ullmhú na sócmhainne dá húsáid bheartaithe, agus costais iasachta ar shócmhainní cáilitheacha.

Déantar ceadúnais bogearraí ríomhaire a fuarthas a chaipitliú ar bhonn na gcostas a tabhaíodh chun na sócmhainní sonracha a fháil agus úsáid a bhaint astu, ar choinníoll go gcomhlíonann na costais na critéir i CIC 38 maidir le caipitliú. Déantar socrúcháin Bogearraí mar Sheirbhís (BMS) a chlárú mar chostais oibriúcháin, ach amháin má chomhlíonann an socrúchán na critéir chaipitlithe faoi CIC 38.

Amúchadh sócmhainní doláimhsithe

Déantar sócmhainní doláimhsithe a amúchadh de réir méid cothrom sa ráiteas ioncaim le linn a saolré fóintigh measta, ón dáta ar a bhfuil siad ar fáil le húsáid. Ní dhéantar amúchadh a mhuirearú ar shócmhainní forbartha nach bhfuil ar fáil le húsáid fós. Déantar bogearraí a amúchadh, de réir méid cothrom, le linn a saolré fóintigh measta suas le seacht mbliana. Déantar athbhreithniú ar mhodhanna amúchta, saolréanna fóinteacha agus luachanna iarmharacha ar gach dáta tuairiscithe agus déantar coigeartú orthu más cuí.

c) Bearnúchán agus dí-aithint sócmhainní

Déantar réadmhaoin, gléasra agus trealamh agus sócmhainní doláimhsithe nach bhfuil réidh le húsáid go fóill a thástáil go bliantúil le haghaidh bearnúcháin. Déantar sócmhainní in úsáid a mheas ar dháta an tuairiscithe chun cinneadh cibé acu an bhfuil aon chomhartha bearnúcháin ann. Má tá comhartha ar bith ann, déantar méid in-aisghabhála na sócmhainne a mheas ansin.

Má tá comhartha bearnúcháin ann, déanfar bearnúchán a mheas. Chun críocha bearnúchán a mheasúnú, cuirtear sócmhainní i ngrúpa ar na leibhéil is ísle dá bhfuil sreafaí airgid ar féidir a aithint astu féin (aonaid ghiniúna airgid nó AGAnna) - féach ar chuid na mbreithiúnas agus meastachán le haghaidh tuilleadh sonraí. Aithnítear caillteanas bearnúcháin don mhéid a sháraíonn suim ghlanluacha sócmhainne a mhéid in-aisghabhála nó má chinntear nach bhfuil sé dóchúil a thuilleadh go gcuirfidh an tionscadal sócmhainn ar fáil. Aithnítear caillteanais bhearnúcháin sa ráiteas ioncaim.

Sa chás go gcinntear ina dhiaidh sin nach gcomhlíonann sócmhainní na critéir aitheanta a thuilleadh, dí-aithnítear iad seo mar chostais oibriúcháin.

d) Ioncam

Déantar ioncam a thomhas ar bhonn na comaoine a bhfuil an Chuideachta ag súil le bheith ina teideal i gconradh le custaiméir agus ní chuirtear méideanna bailithe thar ceann tríú páirtithe san áireamh. Aithníonn an Chuideachta ioncam nuair a chomhlíontar na hoibleagáidí feidhmíochta, de réir mar atá leagtha amach sa chonradh, nó de réir mar a chomhlíontar iad. Má mheastar nach bhfuil na critéir um aithint ioncaim comhlíonta i gcás idirbhirt, cuirtear moill le haithint ioncaim go dtí go meastar gur dóchúil go mbaileofar é.

Tá roinnt foinsí ioncaim de chuid na Cuideachta ag brath ar a bheith ceadaithe ag an rialtóir tionscail, an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRF). D’fhéadfadh go mbeadh ró-aisghabháil nó tearc-aisghabháil an ioncaim “cheadaithe” rialála i mbliana mar thoradh ar imthosca áirithe. D’fhéadfaí aon ró-aisghabháil nó tearc-aisghabháil a chur san áireamh, laistigh de pharaiméadair áirithe, agus an t-ioncam rialála le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin á ríomh. Ní dhéantar aon choigeartú do ró-aisghabháil nó tearc-aisghabháil sa bhliain ina dtagann siad chun cinn.

Is ionann ioncam go príomha agus na luachanna díolacháin a d’eascair as na gnéithe seo a leanas:

Seirbhísí soláthair uisce agus fuíolluisce do chustaiméirí baile - Ioncam fóirdheontais ón Rialtas

Ceannaíonn an Rialtas, agus é ag feidhmiú ina cháil mar Rialtas, méid áirithe uisce agus fuíolluisce agus seirbhísí gaolmhara ón gCuideachta thar ceann custaiméirí baile agus ar phraghas idirbhearta a chinntear i gcomhréir leis an ioncam ceadaithe a shocraigh an CRF. Aithníonn an Chuideachta an t-ioncam seo ar bhonn córasach chun an uair ar díoladh na hearraí leis an Rialtas a léiriú. Déantar bille don ioncam fóirdheontais go léir agus bailítear é laistigh den tréimhse tuairiscithe.

Seirbhísí soláthair uisce agus fuíolluisce do chustaiméirí neamhbhaile

Déantar bille don ioncam bunaithe ar an méid a sholáthraítear. Aithnítear meastachán ar luach na seirbhísí uisce agus fuíolluisce a chuirtear ar fáil do chustaiméirí idir dáta an léimh méadair deiridh agus an dáta tuairiscithe in ioncam nuair a bhíonn seirbhísí curtha ar fáil, ach nach mbíonn aon sonrasc tugtha ag an dáta tuairiscithe.

Ioncam ó naisc nua

Faigheann an Chuideachta ranníocaíochtaí ó chustaiméirí chun iad a nascadh leis an líonra. I gcás go ndéantar bille do na ranníocaíochtaí roimh ré, aithnítear iad in ioncam iarchurtha agus scaoiltear iad chuig ioncam de réir mar a chomhlíontar an oibleagáid feidhmíochta (is é sin, dearbhú go bhfuil nasc le seirbhísí uisce agus fuíolluisce ar fáil le húsáid).

e) Léasanna

Nuair a chuirtear tús le conradh léasa déanann an Chuideachta measúnú ar cibé acu an léas an conradh nó an bhfuil léas i gconradh. Má thugann an conradh an ceart chun úsáid sócmhainne a rialú ar feadh tréimhse ama mar mhalairt ar chomaoin, aithnítear mar léas é.

Sa chás ina bhfuil an Chuideachta ina léasaí, aithnítear sócmhainn ceart úsáide (curtha i láthair laistigh de ‘Réadmhaoin, gléasra agus trealamh’) agus dliteanas comhfhreagrach (curtha i láthair laistigh de ‘Iasachtaí agus fiachas eile’) amhail an dáta a bhfuil an tsócmhainn ar léas ar fáil le húsáid ag an gCuideachta.

I gcás léasanna gearrthéarmacha (tréimhse léasa níos lú ná 12 mhí) agus ar luach íseal (luach na sócmhainne nua níos lú ná $5,000), aithníonn an Chuideachta na híocaíochtaí léasa mar speansas oibriúcháin de réir méid cothrom thar théarma an léasa mura rud é go bhfuil bunús córasach eile níos ionadaí don phatrún ama ina n-ídítear leas eacnamaíoch na sócmhainní ar léas.

Déantar an téarma léasa a mheas mar thréimhse léasa nach féidir a chur ar ceal, chomh maith le haon tréimhse atá clúdaithe ag roghanna sínidh / foirceanta atá cinnte le cur i bhfeidhm go réasúnta. Déantar an téarma léasa a athmheas nuair a bhíonn imeacht suntasach ar siúl nó athrú suntasach ar chúinsí agus déantar é a athbhreithniú más cuí.

f) Oibleagáidí sochair scoir

Scéim pinsin sochair shainithe

Scéim sochair iarfhostaíochta is ea scéim sochair shainithe seachas plean ranníocaíochta sainithe, a dtugtar eolas ina leith thíos.

Ní hamháin go n-áirítear le pleananna sochair iarfhostaíochta socruithe foirmiúla ach áirítear leo freisin cleachtais neamhfhoirmiúla as a n-eascraíonn oibleagáidí inchiallaithe. Mar sin, tá an chóireáil chuntasaíochta mar an gcéanna beag beann ar cíbe an bhfuil oibleagáid dhlíthiúil nó inchiallaithe i gceist.

I gcás scéimeanna sochair shainithe, déantar an costas as sochair a chur ar fáil a chinneadh agus úsáid á baint as Modh na nAonad Réamh-mheasta Creidmheasa agus déantar athbhreithnithe achtúireacha ar gach dáta tuairiscithe. Déantar gnóthachain agus caillteanais achtúireacha a aithint ina n-iomlán sa tréimhse ina dtagann siad chun cinn. Aithnítear iad lasmuigh den ráiteas ioncaim agus cuirtear i láthair iad in ioncam cuimsitheach eile.

Aithnítear an costas iarsheirbhíse láithreach. Déantar an costas seirbhíse reatha agus gnóthachain agus caillteanais ar shocraíochtaí agus ciorrúcháin a mhuirearú ar chostais oibriúcháin, nó ar sholáthairtí sna cásanna ina ndearnadh soláthar ar dtús do na costais ghaolmhara mar chuid den tsoláthar athstruchtúraithe a aithint. Déantar glanchostas úis an phinsin a ríomh tríd an ráta lascaine a chur i bhfeidhm ag tús na tréimhse ar dhliteanas nó sócmhainn an ghlansochair shainithe.

Léiríonn an oibleagáid sochair scoir atá aitheanta sa chlár comhardaithe luach reatha i dtaobh oibleagáid sochair shainithe na scéimeanna glan ó luach cóir na sócmhainní scéime.

Scéimeanna pinsin ranníocaíochta sainithe

Is é atá i scéim ranníocaíochta sainithe ná scéim iarfhostaíochta faoina n-íocann eintiteas ranníocaíochtaí seasta isteach in eintiteas ar leithligh nach n-eascraíonn aon oibleagáid dhlíthiúil nó inchiallaithe chun méideanna breise a íoc uaidh. Déantar na ranníocaíochtaí atá iníoctha faoi na scéimeanna ranníocaíochta sainithe a mhuirearú ar an ráiteas ioncaim sna tréimhsí a gcuireann fostaithe seirbhísí ar fáil lena linn.

g) Deontais

Aithnítear deontas mar dhliteanas i dtosach ar an gclár comhardaithe má tá dearbhú réasúnta ann go bhfaighfear é agus go gcomhlíonfaidh an Chuideachta na coinníollacha a ghabhann leis. Déantar deontais a chúitíonn an Chuideachta as costas sócmhainne a amúchadh don ráiteas ioncaim ar bhonn córasach thar shaolré fhóinteach na sócmhainne chun an muirear dímheasa a mheaitseáil. Aithnítear deontais atá mar chúiteamh don Chuideachta as costais arna dtabhú sa ráiteas ioncaim ar bhonn córasach sna blianta céanna ina dtabhaítear na costais.

Cuirtear cuntasaíocht deontais i bhfeidhm ar chláir aisíocaíochta (amhail aisíocaíocht táillí baile agus an Tarscaoileadh Sealadach a bhfuil Teorainn Ama leis maidir le Ranníocaíochtaí Forbartha) atá maoinithe ag an Rialtas ag feidhmiú ina cháil mar rialtas agus curtha i láthair mar mhíreanna eisceachtúla (féach “cur i láthair míreanna eisceachtúla” thíos). I ndiaidh bhailíochtú an éilimh aisíocaíochta nasc, aithnítear an t-ioncam deontais agus an costas deontais gaolmhar leis féin sa ráiteas ioncaim. Déantar an ranníocaíocht chuí a aisíoc ansin agus cuirtear maoiniú an rialtais ar fáil ina dhiaidh sin.

h) Soláthairtí agus dliteanais theagmhasacha

Déanann an Chuideachta meastóireacht ar a neamhchosaintí ar dhliteanais theagmhasacha a bhaineann le dlíthíocht atá ar feitheamh nó le héilimh eile atá fós gan réiteach faoi réir socraíochta caibidlithe, idirghabhála, eadrána nó rialacháin Rialtais. Aithnítear foráil nuair is dócha go bhfuil oibleagáid ann ar féidir meastachán iontaofa a dhéanamh ina leith tar éis anailís chúramach a dhéanamh ar an ábhar aonair. Áirítear san anailís measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go n-éireoidh le héileamh ar feitheamh nó go n-eascróidh dliteanas, an pointe aitheanta don dliteanas gaolmhar agus tráthúlacht fhéideartha an tsocraithe.

Maidir le nithe ar oibleagáidí iad a d’fhéadfadh a bheith ann nó nach sásaíonn na critéir aitheanta le haghaidh forála, aithnítear mar dhliteanais theagmhasacha iad, ach amháin más fánach an seas go ndéanfar buntáistí eacnamaíocha a aistriú.

D’fhéadfadh go dtiocfadh athrú ar na soláthairtí a chinnfear amach anseo mar gheall ar fhorbairtí nua agus de réir mar a chuirfear faisnéis bhreise ar fáil. Tá seans ann go mbeidh difear idir na costais iarbhír agus an fhoráil mheasta, rud a léireoidh éiginnteacht bhunúsach an phróisis mheastacháin seo. Tá sonraí na soláthairtí agus na ndliteanas teagmhasach foilsithe i nóta 20.

i) Sócmhainní agus dliteanais airgeadais

Iasachtaí

Aithnítear iasachtaí ar dtús ag luach cóir lúide costais atá inchurtha i leith idirbhirt. Tar éis iad a aithint i dtosach, sonraítear iasachtaí ar chostas amúchta agus úsáid á baint as an nglanráta úis.

Trádáil agus infháltais eile

Aithnítear infháltais thrádála agus infháltais eile ar dtús ag an bpraghas idirbhirt infhaighte agus iompraítear iad ag an luach seo ina dhiaidh sin, toisc nach bhfuil aon chomhpháirt airgeadais shuntasach ann, lúide liúntas cuí do chaillteanais ionchais chreidmheasa. Déantar foráil maidir le caillteanais bhearnúcháin ag úsáid múnla do chaillteanas creidmheasa a bhfuiltear ag súil leis thar shaolré na sócmhainne, agus aithnítear an bearnúchán a bhfuiltear ag súil leis mar chostas sna costais oibriúcháin agus curtha i láthair mar ‘Cur isteach ar infháltais trádála’. Ríomhtar an méid caillteanais creidmheasa ionchais trí rátaí caillteanais ionchais a chur i bhfeidhm, bunaithe ar an bhfeidhmíocht iarbhír bailiúcháin airgid stairiúil, ar phróifíl an fhiachais aosta agus fachtóirí maicreacnamaíochta na todhchaí agus fachtóirí is sonrach do na féichiúnaithe á gcur san áireamh.

Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim

Áirítear in airgead tirim airgead ar láimh agus taiscí prapéilimh atá inrochtana don Chuideachta laistigh de 3 mhí. Is infheistíochtaí gearrthéarmacha fíorleachtacha iad coibhéisí airgid thirim atá in-chomhshóite go héasca go méideanna aitheanta airgid agus atá faoi réir riosca neamhshuntasach athruithe ar luach agus a choinnítear chun tiomantais ghearrthéarmacha airgid thirim a chomhlíonadh seachas le haghaidh infheistíochta nó na gcríoch eile.

Sa chás go bhfuil na coinníollacha agus an rún le haghaidh fritháirimh ann, cuirtear iarmhéideanna airgid thirim le chéile le hiarmhéideanna rótharraingthe agus cuirtear an t-iarmhéid comhcheangailte sin i láthair ar an gclár comhardaithe.

In áiteanna a bhfuil srianta conartha ar chumas na Cuideachta airgead tirim a úsáid (m.sh. airgead tríú páirtí a fuarthas mar urrús airgeadais agus a coimeádadh i gcuntais inrochtana laistigh de 3 mhí), léirítear na cistí seo mar “Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim - iarmhéideanna tríú páirtí”. Tá Airgead tirim coinnithe, nuair nach bhfuil aon srian ar úsáid, léirithe mar Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim atá ar fáil d’úsáid chuideachta”.

Sócmhainní airgeadais - urrús airgeadais coimeádta ar thaisce téarma

Léirítear urrúis airgeadais coinnithe ar théarmaí taiscí níos mó ná 3 mhí ag dáta na héadála mar “Sócmhainní Airgeadais - urrús airgeadais coinnithe ar théarma taisce” toisc nach sásaíonn siad an sainmhíniú ar airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim, toisc nach bhfuil na taiscí inrochtana don Chuideachta laistigh de 3 mhí. Is airgead tríú páirtí é seo, a bhí coimeádta faoi shocruithe urrúis airgeadais, rud a chuireann srianta conartha ar chumas na Cuideachta an t-airgead seo a úsáid.

Trádáil agus suimeanna iníoctha eile

Déantar iníocthaigh trádála agus eile a thaifeadadh ar luach cóir i dtosach, ar gnách gurb é méid tosaigh an tsonraisc móide aon chostais idirbhirt atá inchurtha go díreach ina leith, agus a thugtar anonn ina dhiaidh sin ar chostas amúchta agus úsáid a baint as modh an ghlanráta úis.

j) Fardal

Is éard atá i bhfardail go príomha ná earraí intomhalta. Déantar iad seo a thomhas ag an gcostas nó ag an nglanluach inréadaithe, cíbe acu is ísle. Cinntear costas trí úsáid a bhaint as an modh ‘is túisce isteach, is túisce amach’ (TITA). Tá costas comhdhéanta de gach costas ceannacháin agus costais eile a thabhaítear chun na fardail a thabhairt chuig a suíomh agus a ríocht reatha. Is ionann glanluach inréadaithe agus an praghas díola measta i ngnáthchúrsaí an ghnó lúide aon chostais mheasta díola. Déantar soláthar d’earraí atá as feidhm, a ghluaiseann go mall nó atá lochtach nuair is cuí.

Sa chás go nglacann an Chuideachta rialú oibriúcháin ar stór fardail agus ar an bhfardal gaolmhar sa stór, aithnítear an aithint tosaigh d’fhardal atá á choimeád ag an áis sin ar dháta an aistrithe ag luach €nialas. Aithnítear ceannacháin fardail ina dhiaidh sin de réir bheartas fardail na Cuideachta thuas.

k) Ioncam airgeadais

Cuimsíonn ioncam airgeadais ioncam úis ar chistí a infheistíodh. Aithnítear ioncam úis de réir mar a fhabhraíonn sé sa ráiteas ioncaim, le húsáid a bhaint as modh an ghlanráta úis.

l) Costais airgeadais

Cuimsíonn costais airgeadais ús iníoctha ar iasachtaí, muirear maoinithe ar sholáthairtí (a aithnítear tar éis ábhar a mheas), caillteanais bhearnúcháin aitheanta ar shócmhainní airgeadais (seachas infháltais trádála) agus glanchostais ús pinsin. Aithnítear costais iasachta nach bhfuil inchurtha go díreach i leith éadáil, tógáil nó táirgeadh sócmhainne cáilithí, sa ráiteas ioncaim agus úsáid á baint as modh an ghlanráta úis. Déantar glanchostas úis an phinsin a ríomh tríd an ráta lascaine a chur i bhfeidhm ag tús na tréimhse ar dhliteanas nó sócmhainn an ghlansochair shainithe.

m) Cáin ioncaim

Cuimsíonn costas na cánach ioncaim an cháin reatha agus an cháin iarchurtha. Déantar cáin ioncaim a aithint sa ráiteas ioncaim ach amháin sa mhéid go mbaineann sí le míreanna a aithnítear go díreach i gcaipiteal gnáthscaireanna nó in ioncam cuimsitheach eile.

Is é atá sa cháin reatha ná an cháin iníoctha nó infhála mheasta ar an ioncam nó caillteanas inchánach don tréimhse, agus úsáid á baint as rátaí cánach a achtaíodh nó a achtaíodh go substaintiúil ar an dáta tuairiscithe, agus aon choigeartú ar cháin iníoctha i dtaobh na dtréimhsí roimhe sin. Déantar sócmhainní agus dliteanais chánach reatha a fhritháireamh nuair atá ceart chun fritháirimh ar féidir a chur i bhfeidhm de réir an dlí ann laistigh den údarás cánach céanna agus áit arb é an rún ná socrú ar ghlanbhonn nó an tsócmhainn a réadú agus an dliteanas a shocrú ag an am céanna.

Déantar cáin iarchurtha a aithint i dtaca le difríochtaí sealadacha idir suimeanna glanluacha sócmhainní agus dliteanas chun críocha tuairiscithe airgeadais agus na méideanna a úsáidtear chun críocha cánach. Tomhaistear cáin iarchurtha ag na rátaí cánach a bhfuiltear ag súil leo sna tréimhsí ina bhfuiltear ag súil le freaschur na ndifríochtaí sealadacha i bhfianaise rátaí cánach agus dlíthe a achtaíodh nó a achtaíodh go substainteach faoin dáta tuairiscithe.

Meastar go bhfuil sócmhainn chánach iarchurtha in-aisghabhála agus mar sin ní aithnítear í go dtí, ar bhonn na fianaise go léir atá ar fáil, gur dóchúil go mbeidh brabaigh inchánach oiriúnacha sna blianta beaga atá amach romhainn, óna mbeifear in ann aisiompú na ndifríochtaí sealadacha bunúsacha a dhéaduchtú.

Déantar sócmhainní agus dliteanais chánach iarchurtha a fhritháireamh nuair atá ceart chun fritháirimh ar féidir a chur i bhfeidhm de réir an dlí ann laistigh den údarás cánach céanna agus áit arb é an rún ná socrú ar ghlanbhonn nó an tsócmhainn a inréadú agus an dliteanas a shocrú ag an am céanna.

Aithnítear foráil maidir leis na nithe sin a bhfuil cinneadh cánach éiginnte maidir leo ach meastar gur dócha go mbeidh eis-sreabhadh cistí chuig údarás cánach amach anseo. Tomhaistear na soláthairtí ag an meastachán is fearr ar an méid a mheastar a bheidh iníoctha. Tá an measúnú bunaithe ar bhreithiúnas gairmithe cánach laistigh den Chuideachta, arna thacú ag taithí roimhe seo i ndáil le gníomhaíochtaí den sórt sin agus i gcásanna áirithe bunaithe ar shainchomhairle chánach neamhspleách.

n) Bearta neamh-GAAP

Luaitear an brabús oibriúcháin roimh na glanchostais airgeadais agus cánachas.

Sainítear TRÚCDA mar thuillimh roimh ús, cáin, dímheas agus amúchadh. Sainítear glanfhiachas mar iomlán na n-iasachtaí agus an fhiachais eile lúide airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim. Baineann an Chuideachta úsáid as na bearta agus cur i láthair neamh-GAAP sin chun eolas úsáideach faoi fheidhmíocht agus mhaoiniú a chur ar fáil don lucht bainistíochta, do stocshealbhóirí agus do pháirtithe leasmhara seachtracha.

o) Míreanna eisceachtúla a chur i láthair

Mar a cheadaítear de réir CIC 1 Cur i Láthair Ráitis Airgeadais, nocht an Chuideachta eolas breise maidir le míreanna eisceachtúla ar éadan an ráitis ioncaim, chun cabhrú le tuiscint ar fheidhmíocht airgeadais na Cuideachta. Breathnaítear ar mhír mar mhír eisceachtúil má mheastar go bhfuil sé neamhghnách ó nádúr agus scála agus chomh tábhachtach sin go bhfuil nochtadh ar leith ag teastáil ionas go dtuigtear na ráitis airgeadais i gceart.

Breithiúnais agus Meastacháin Chuntasaíochta Ríthábhachtacha

Éilítear ar an gCuideachta meastacháin, toimhdí agus breithiúnais ar leith a dhéanamh a chreideann sí a bheith réasúnach bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, agus í ag cur na mbeartas cuntasaíochta seo i bhfeidhm. Bíonn tionchar ag na meastacháin, toimhdí agus breithiúnais sin ar na méideanna sócmhainní agus dliteanais atá ann ar dháta na ráiteas airgeadais agus ar na méideanna ioncaim agus costais a aithnítear i rith na dtréimhsí tuairiscithe a chuirtear i láthair. D’fhéadfadh éifeacht ábhartha a bheith ag athruithe ar na meastacháin sin ar na ráitis airgeadais.

Déantar na meastacháin, toimhdí agus breithiúnais sin a mheasúnú agus na ráitis airgeadais seo á n-ullmhú. Beidh an timpeallacht ina mbeidh an Chuideachta ag feidhmiú faoi réir thionchair an athraithe aeráide, agus beidh tionchar aige sin ar conas a chuirtear seirbhísí uisce agus fuíolluisce ar fáil amach anseo. Leanfaidh an Chuideachta lena measúnú a fhorbairt maidir le tionchair an athraithe aeráide ar a sócmhainní agus dliteanais agus impleachtaí féideartha an athraithe aeráide ar a bonneagar agus oibriúcháin. Cuireadh tionchar an athraithe aeráide san áireamh maidir le hullmhúchán na ráiteas airgeadais seo agus níor aithníodh aon athrú ar bhreithiúnas nó meastachán sa phróiseas seo (féach thíos le haghaidh nochtadh sa bhreis más cuí). Tugadh aird chuí freisin ar ghnéithe maicreacnamaíocha ábhartha, lena n-áirítear boilsciú. Tá faisnéis bhreise curtha ar fáil ag an gCuideachta maidir le gach ceann de na breithiúnais agus na meastacháin a bhfuil tionchar ag gabháil leo mar atá leagtha amach thíos. Déanann an Chuideachta measúnú ar bhonn leanúnach ar a meastacháin ag baint úsáide as taithí stairiúil, comhairliúchán le saineolaithe agus modhanna eile a cheaptar a bheith réasúnta sna cúinsí ar leith. D’fhéadfadh go mbeadh difríocht idir torthaí iarbhír agus na meastacháin sin. Aithneofar a éifeacht sa tréimhse ina dtagann na fíricí chun solais a n-eascraíonn an t-athbhreithniú astu.

(i) Breithiúnais shuntasacha maidir le beartais chuntasaíochta na Cuideachta a chur i bhfeidhm

Seo a leanas na breithiúnais shuntasacha, seachas iad siúd lena ngabhann meastacháin (a dhéantar cur síos ar leith orthu thíos), atá déanta ag an gCuideachta agus í ag cur i bhfeidhm na mbeartas cuntasaíochta sin agus a mbíonn an éifeacht is mó acu ar na méideanna atá aitheanta sna ráitis airgeadais.

a) Aicmiú costas idir caiteachas oibriúcháin agus caiteachas caipitil

Teastaíonn breithiúnais shuntasacha le caiteachas a rangú mar chaiteachas caipitil nó oibriúcháin, go háirithe i gcásanna a mbíonn eilimintí de ghníomhaíochtaí feabhsúcháin (caipiteal) agus cothabháil (oibriúchán) araon ann. Tá na beartais, na rialúcháin agus na nósanna imeachta cuí i bhfeidhm ag an gCuideachta leis na rioscaí go ndéanfaí caiteachas neamhincháilithe a chaipitliú a mhaolú.

Déantar costais a bhaineann le tionscadail atá sna céimeanna tosaigh den phleanáil a chaipitliú sa chás go bhfuil an Chuideachta sásta gur dócha go bhfaighfear na toilithe riachtanacha agus go bhforbrófar na tionscadail chun sócmhainn a sholáthar go rathúil ionas go sreabhfaidh aischuir amach anseo chuig an gCuideachta.

Tá fad na céime pleanála roinnt tionscadal straitéiseach an-fhada de bharr na ndúshlán iomadúil reachtaíochta agus dlíthiúil a bhí roimh na tionscadail seo. Tá scála na dtionscadal seo chomh suntasach sin go mbeidh an chéim thógála fada go leor, agus ar an gcaoi sin táthar ag súil go mbeidh na sócmhainní seo fágtha mar ‘shócmhainní faoi thógáil’ go ceann tréimhse ama suntasaigh. Ar an 31 Nollaig 2024, aithníodh €127.6 milliún mar shócmhainní faoi thógáil i dtaca le tionscadail dá leithéid, is iad sin Tionscadal Soláthair Uisce Réigiún an Oirthir agus Láir Tíre agus Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (2023: €115.7 milliún).

Déanann an Chuideachta athbhreithniú ar na tionscadail seo ar bhonn rialta chun a chinneadh an bhfuil imeachtaí nó imthosca tagtha chun cinn a d’fhéadfadh a léiriú go bhféadfadh nach mbeadh suim ghlanluacha na sócmhainne in-aisghabhála; ag an bpointe sin dhéanfaí an tsócmhainn a mheas le haghaidh dí-aitheanta. Shocraigh na hathbhreithnithe seo, le linn 2024 agus i ndiaidh dheireadh na bliana, go bhfuil sé oiriúnach leanúint leis na costais seo a aithint mar ‘shócmhainní faoi thógáil’ ar an gclár comhardaithe.

(ii) Neamhchinnteacht sna meastacháin

Is iad seo a leanas na príomhthoimhdí maidir leis an am atá le teacht agus maidir leis na príomhfhoinsí eile as a dtagann neamhchinnteacht meastacháin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, a bhféadfadh riosca suntasach a bheith ag baint leo maidir le coigeartú ábhartha a dhéanamh ar na suimeanna glanluacha sócmhainní agus dliteanas taobh istigh den bhliain seo chugainn.

a) Sócmhainní bonneagair agus na sócmhainní a úsáidimid inár gcuideachta

Amhail an 31 Nollaig 2024, ba é comhiomlán réadmhaoin, gléasra agus trealamh agus shócmhainní doláimhsithe na Cuideachta agus €8,126.5 milliún (2023: €6,969.1 milliún), arbh ionann é sin agus formhór shócmhainní na Cuideachta. Mar sin, tá na meastacháin agus na toimhdí atá déanta agus an tsuim ghlanluacha á socrú ríthábhachtach do na ráitis airgeadais mar d’fhéadfadh go mbeadh tionchar suntasach ag in-aisghabhálacht méideanna, nó a mhalairt, ar thorthaí agus staid airgeadais na Cuideachta amach anseo.

Bearnúchán

Oibríonn an Chuideachta faoi chreat rialáilte arna riar ag an gCoimisiún um Rialála Fóntais (CRF). Mar sin, déanann an Chuideachta costais an chaiteachais chaipitil éifeachtaigh ar réadmhaoin, gléasra agus trealamh agus sócmhainní doláimhsithe a aisghabháil trí ioncaim rialáilte bunaithe ar Bhonn Rialála Sócmhainne ceadaithe (BRS). I gcomhlíonadh agus mar fhorlíonadh ar cheanglais Bearnúchán Shócmhainní CIC 36, rinne an Chuideachta na hathbhreithnithe seo a leanas i rith na bliana:

1) Déantar Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh agus sócmhainní doláimhsithe a mheas ar dháta an tuairiscithe chun a chinneadh an bhfuil aon chomhartha bearnúcháin ann;

2) Tástáil déanta maidir le bearnúchán sócmhainní doláimhsithe atá á bhforbairt de €17.1 milliún amhail an 31 Nollaig 2024 (2023: €32.3 milliún); agus

3) Déantar comparáid idir an luach BRS agus an comhiomlán de na suimeanna glanluacha den Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh agus sócmhainní doláimhsithe.

Chinn an Chuideachta nach bhfuil táille bearnúcháin ag teastáil ar leibhéal CGU, ach tugann sí faoi deara gur aithníodh roinnt bearnúchán ar leibhéal tionscadail aonair. Is í an phríomhthoimhde maidir leis an todhchaí atá á úsáid ag an gCuideachta agus í ag teacht ar an tátal sin ná go leanfaidh an Chuideachta ar aghaidh ag giniúint ioncam rialáilte bunaithe ar a BRS reatha.

Tá an Chuideachta tagtha ar an tátal, tar éis na riachtanais chuí de CIC 1 Cur i Láthair na Ráiteas Airgeadais a mheas, nach bhfuil sé praiticiúil an tionchar a bheadh ag athrú ar an toimhde seo a nochtadh, mar nach féidir an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag srianta féideartha giniúna ioncaim nach bhfuil ar eolas againn a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo maidir leis an BRS atá ann cheana a mheas.

Dímheas agus saolta fóinteacha

Aithníonn an Chuideachta muirir dhímheasa agus amúchta go bliantúil (2024: €210 milliún agus 2023: €176.0 milliún) a ríomhtar go príomha chun costas réadmhaoine, gléasra agus trealaimh agus sócmhainní doláimhsithe a dhíscríobh thar a saolréanna eacnamaíocha fóinteacha measta.

I gcás réadmhaoine, gléasra agus trealaimh go háirithe, teastaíonn breithiúnais shuntasacha chun saolréanna eacnamaíocha fóinteacha measta sócmhainní a chinneadh, atá bunaithe ar thaithí, ionchais faoin todhchaí agus tosca eile. Tá na saolréanna eacnamaíocha fóinteacha measta do mhór-aicmiúcháin sócmhainní leagtha amach sna beartais chuntasaíochta seo. Déanann an Chuideachta athbhreithniú ar shaolréanna eacnamaíocha fóinteacha sócmhainní gach bliain agus déantar aon athruithe riachtanacha a choigeartú go hionchasach. Áiríonn an t-athbhreithniú sin breithniú ar bheartais agus ar phleananna an Rialtais i réimse na gníomhaíochta ar son na haeráide agus spriocanna astaíochtaí gás ceaptha teasa. Tá an Chuideachta tar éis teacht ar an tátal gurb iad na saolréanna sócmhainní reatha an meastachán is fearr ar shaolréanna eacnamaíocha fóinteacha na sócmhainní.

Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht sócmhainní ag an gCuideachta, d’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith ag éagsúlachtaí idir saolréanna eacnamaíocha fóinteacha iarbhír agus measta ar thorthaí sa todhchaí, idir dhearfach nó dhiúltach. Go stairiúil, níor shainaithin an Chuideachta aon athruithe ar shaolréanna eacnamaíocha fóinteacha a raibh tionchar ábhartha acu ar thorthaí oibriúcháin.

(b) Ioncam neamhbhilleáilte (neamhbhaile)

Ardaíonn an Chuideachta billí agus aithníonn sí ioncam de réir an chirt atá aici ioncam a fháil ag teacht le beartas cuntasaíochta na Cuideachta. Braitheann an t-ioncam a aithnítear ar an méid atá dlite do na seirbhísí a chuirtear ar fáil idir dháta an léimh dheiridh méadair agus dheireadh na bliana, do chustaiméirí uisce agus fuíolluisce. Léitear na méadair ar bhonn timthriallach agus aithníonn an Chuideachta ioncam do luachanna neamhbhilleáilte bunaithe ar mhéideanna measta ón dáta billeála deiridh go dtí deireadh na bliana. Leis an luach measta ón mbille deiridh, cuirtear san áireamh an meánráta laethúil nó faisnéis chomhchosúil do chustaiméirí inchomparáide de réir líon na laethanta idir an dáta billeála deiridh agus deireadh na tréimhse tuairiscithe.

(c) Cur isteach ar infháltais thrádála agus liúntas maidir le caillteanais chreidmheasa ionchais

Aithnítear liúntas maidir le caillteanais chreidmheasa ionchais i ndáil le trádáil agus infháltais eile de réir bheartas cuntasaíochta na Cuideachta, is é sin, meastar é agus úsáid á baint as maitrís soláthair fiachais de réir aoise bunaithe ar líon na laethanta atá an fiachas thar téarma agus ag cur taithí stairiúil na Cuideachta ar chaillteanais creidmheasa i bhfeidhm, agus coigeartaithe le haghaidh coinníollacha eacnamaíochta chun tosaigh ag dáta an chláir chomhardaithe.

Ní léir fós an tionchar airgeadais a bhí ar thrádáil agus infháltais eile mar thoradh ar an timpeallacht dhúshlánach mhaicreacnamaíochta. Is gá go méadaíonn sé sin leibhéal na héiginnteachta meastacháin maidir le caillteanais chreidmheasa ionchais a thomhas ag dáta an chláir chomhardaithe, go háirithe maidir le meastachán a dhéanamh ar thionchair an ionchais eacnamaíoch réamhbhreathnaithe ar bhailiú thrádáil na Cuideachta agus infháltais eile ar dháta an chláir chomhardaithe.

Chuir an Chuideachta raon leathan tosca san áireamh agus í i mbun measúnú a dhéanamh ar an riachtanas atá ann rátaí caillteanais chreidmheasa stairiúla a mhéadú chun tionchar an ionchais eacnamaíoch réamhbhreathnaithe a chuimsiú. Áiríodh ar na tosca a ndearnadh meastachán orthu réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus anailís ar chásanna, measúnú tionchair ar chustaiméirí trí anailís stairiúil agus réamhbhreathnaitheach ar bhailiú airgid thirim do chustaiméirí.

Bunaithe ar athbhreithniú ar na tosca thuas, tá measúnú déanta ag an gCuideachta go mbeadh raon réasúnta idir €5.3 milliún agus €19.6 milliún i gceist le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchais bhreise mar gheall ar an ionchas eacnamaíoch don todhchaí. Tar éis breithniú cuí a dhéanamh, tháinig an Chuideachta ar an tátal gurb é €12.5 milliún an meastachán is fearr bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil. Mar sin féin, tá nósanna imeachta agus rialuithe maidir le bailiú fiach fós dírithe ar aisghabháil iomlán an mhéid a sonrascadh.

(d) Oibleagáidí sochair scoir

Déantar na heis-sreafaí airgid réamh-mheasta don sochar pinsin de chuid na Cuideachta atá mar bhonn dá hoibleagáid sochair shainithe a lascainiú ag ráta a shocraítear trí fhéachaint ar thorthaí margaidh ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, ar bhannaí corparáideacha ardchaighdeáin. Teastaíonn breithiúnas suntasach agus na critéir á socrú chun bannaí a chur san áireamh leis an daonra óna ndíorthaítear an cuar toraidh. I measc na gcritéar is suntasaí a mheastar chun bannaí a roghnú, tá méid eisiúna na mbannaí corparáideacha, caighdeán na mbannaí sin agus aithint asluiteach atá eisiata. Teastaíonn breithiúnas suntasach freisin agus an cuar toraidh á dhíorthú ag téarmaí níos faide mar go bhfuil líon na mbannaí corparáideacha ardchaighdeáin fadreathacha le haghaidh tréimhsí níos faide gann. Tugtar le fios i nóta 17 na híogaireachtaí maidir leis na príomhthoimhdí a úsáideadh le dliteanais na scéime a thomhas.

(e) Soláthairtí agus dliteanais eile

Tá éiginnteacht mheastacháin ag baint leis na measúnuithe ar an toradh airgeadais ar sheasamh tráchtála agus dlí éiginnte áirithe, agus is gá breithiúnas, meastachán agus toimhdí a úsáid. Is ionann na méideanna atá aitheanta mar sholáthar agus meastachán is fearr na Cuideachta ar an gcaiteachas a theastaíonn chun oibleagáidí reatha a shocrú ar an dáta tuairiscithe. Agus an toradh ar dócha a bheidh ann á mheas, bunaíonn an Chuideachta a measúnú ar fhíricí atá ar fáil, ar thaithí stairiúil, ar chomhairle ó chomhairleoirí dlí agus saineolaithe eile agus ar imthosca eile a mheastar a bheith réasúnta sna cúinsí. Tagtar ar mheastachán athbhreithnithe ag gach dáta tuairiscithe lena chinntiú go bhfreagraíonn na méideanna a sholáthraítear/fhabhraítear don mheastachán is fearr ar na costais a iompróidh an Chuideachta agus an tráthúlacht sa deireadh. Féach nóta 20 le haghaidh na gcatagóirí soláthair a gcoinnítear agus sonraí breise ar gach catagóir.

I bhfianaise chineál na soláthairtí agus na ndliteanas sin agus na neamhchinnteachta meastachán atá i gceist, meastar nach bhfuil sé indéanta tuilleadh anailís íogaireachta a dhéanamh ar na méideanna sin.