Tuarascáil an Chathaoirligh ar an mbliain 2024

Freagrach as seirbhísí uisce poiblí atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar

Jerry Grant
Cathaoirleach

Jerry Grant, Cathaoirleach.

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce poiblí atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar fud na hÉireann a chuireann ar chumas pobal a bheith faoi bhláth. Rannchuidímid go mór le sláinte agus folláine phoiblí na hÉireann, le rathúnas eacnamaíoch na hÉireann, lena n-áirítear tithíocht agus forbairt, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do bheartais maidir le cosaint an chomhshaoil agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú sin.

Bliain ghnóthach dhúshlánach eile a bhí ann anuraidh inar lean an eagraíocht de sheachadadh seirbhísí riachtanacha uisce agus fuíolluisce a chur chun cinn chun tacú lenár ndaonra agus lenár ngeilleagar atá ag dul i méid. Tá an clár um athrú agus imirce fhoireann na nÚdarás Áitiúil isteach in Uisce Éireann ar siúl faoi láthair agus mar thoradh air sin, beidh foireann de bheagnach 4,500 duine a bhfuil baint dhíreach acu le seirbhísí riachtanacha uisce a sholáthar ar bhonn laethúil do 80% de dhaonra na hÉireann. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn le deich mbliana anuas chun aghaidh a thabhairt ar oidhreacht na tearcinfheistíochta i seirbhísí uisce. Mar sin féin, aithnímid go bhfuil easpa athléimneachta fós inár seirbhísí as a n-eascraíonn easnaimh sheirbhíse a dhéanann difear do theaghlaigh, do phobail agus do rioscaí don chomhshaol. Dá bhrí sin, beidh orainn leanúint den infheistíocht mhórscála i ngléasraí agus i líonraí ar fud an uisce agus an fhuíolluisce le haghaidh roinnt timthriallta infheistíochta. Ní mór deisiú leanúnach sócmhainní a chur san áireamh leis sin de réir mar a athraíonn siad, de réir mar a théann siad in aois agus de réir mar a athraíonn dálaí chomh maith le heasnaimh fabhraithe ó bhlianta atá thart. Chomh maith le hoibriú agus cothabháil fheabhsaithe na sócmhainní seo, leanfaimid orainn ag feabhsú na seirbhísí a sholáthraímid, ag cosaint sláinte an phobail agus an chomhshaoil.

D'éascaigh infheistíocht shubstaintiúil anuraidh feabhsuithe riachtanacha ilghlúine a chuir seirbhísí uisce athléimneacha ar fáil a chuaigh chun tairbhe pobal agus a thacaigh le fás agus forbairt inbhuanaithe ar fud na tíre. I measc na mbuaicphointí suntasacha, tá 17 ngléasra cóireála fuíolluisce nua agus uasghrádaithe agus 9 ngléasra cóireála uisce curtha i gcrích. Fuaireamar ceadú ón Rialtas i bprionsabal do Thionscadal Soláthair Uisce Réigiún an Oirthir agus do Lár na Tíre a chuirfidh ar chumas an tionscadail seo, ceann de na tionscadail is mó i stair an Stáit, dul ar aghaidh go pleanáil. Sholáthraíomar 6,680 nasc forbartha a bhain le 31,997 aonad tithíochta, agus bhí ról ríthábhachtach againn i gClár Tithíochta do Chách an Rialtais. Anuraidh, díríodh aird níos mó ar rannpháirtíocht le hionadaithe tofa chun méid ár gcuid oibre agus scála an dúshláin a chur in iúl. Faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh Niall Gleeson agus an Fheidhmeannais, bhí ár láithrithe os comhair Choistí an Oireachtais agus ár seisiúin faisnéise do pháirtithe polaitíochta ar shaincheisteanna náisiúnta agus áitiúla ríthábhachtach chun feabhas a chur ar an tuiscint ar ár n-athrú go fóntas poiblí náisiúnta a spreagfaidh muinín an phobail trí sholáthar seirbhíse feabhsaithe.

“Leanfaimid orainn de bheith ag díriú ar aistriú fhoireann na seirbhísí uisce a d'fhéadfadh a bheith ag smaoineamh ar aistriú trasna go hUisce Éireann suas go dtí deireadh 2026.”

An Creat um Sheachadadh Seirbhísí Uisce sa Todhchaí a chur chun feidhme

Rinneadh dul chun cinn maith maidir leis na cuspóirí a leagtar amach sa ‘Chreat do Sheachadadh Seirbhísí Uisce Amach Anseo’ a bhaint amach in 2024. In 2025, leanfaimid orainn ag díriú ar aistriú fhoireann na seirbhísí uisce a d'fhéadfadh a bheith ag smaoineamh ar aistriú trasna go hUisce Éireann suas go dtí deireadh na bliana 2026. Tá an t-aistriú á chur chun cinn ag Foireann an Chláir um Athrú Chun Feabhais ar bhonn céimnithe, agus béim ar leith á leagan ar chobhsaíocht oibríochtaí, ar leanúnachas seirbhíse agus ar shábháilteacht na foirne agus na sláinte poiblí araon In éineacht leis an bpróiseas sin, tá ionaid barr feabhais agus cumais freagartha ar ghéarchéimeanna bunaithe againn chun tacú le hoibríochtaí túslíne agus ag an am céanna bealaí caighdeánaithe oibre a chur i bhfeidhm mar phríomhchumasóirí chun seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí agus do phobail ar bhonn náisiúnta.

3 dhuine, inscne éagsúil agus eitneacht éagsúil i seomra cruinnithe le ríomhairí glúine.

Éagsúlacht, Cothromas agus Cuimsiú

Fostaíonn Uisce Éireann beagnach 2,400 duine, a sholáthraíonn seirbhísí uisce agus fuíolluisce maraon le tuairim is 2,100 ball foirne in Údaráis Áitiúla a oibríonn ar son Uisce Éireann. Táimid bródúil as comhdheiseanna a chur ar fáil do gach fostaí trí thionscnaimh agus tacaíochtaí Éagsúlachta, Cothromais agus Cuimsithe (ÉC&C). Tá ríméad orainn go bhfuil toradh ar na tionscnaimh sin agus go raibh tionchar acu ar mBearna Phá idir na hInscní 2024 atá againn, a bhí ag 2.31% le linn na tréimhse sin i gcomparáid le 9.16% in 2023. Le linn na tréimhse seo, tháinig fás suntasach ar ár bhfórsa saothair agus ar phróifíl athraitheach fostaithe, rud a léirítear sa stádas reatha. Measimid gurb í an tréimhse idir an am i láthair agus deireadh na bliana 2026 a bheidh faoi ndeara luaineacht inár mbearna phá idir na hinscní bliain ar bhliain de réir mar a aistríonn níos mó foirne oibríochtúla.

Cultúr Sábháilteachta

Cuirimid an tsábháilteacht i gcroílár ár gcuid oibre. Tá cultúr agus luachanna na sábháilteachta fite fuaite i ngníomhaíochtaí uile Uisce Éireann tríd an gclár agus tionscnaimh ‘Obair Shábháilte, Baile Sábháilte’. Go tragóideach ar an 29 Bealtaine 2024, bhain timpiste mharfach do dhuine a bhí ag obair ar son duine dár gcomhpháirtithe seachadta tríú páirtí le linn oibreacha ag Ionad Cóireála Fuíolluisce Ros Cré. Tá an eachtra á fhiosrú faoi láthair leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta. In 2025, leanfaimid lenár bhfócas ar shábháilteacht mar bhreithniú ríthábhachtach i ngach rud a dhéanaimid, ag leabú na sábháilteachta trí oideachas agus oiliúint feasachta maidir le rioscaí agus contúirtí a bhaineann le gníomhaíocht tógála.

Rialachas

Le linn 2024, lean an Bord de thosaíocht a thabhairt don rialachas corparáideach i gcomhréir leis an dea-chleachtas agus leis an trédhearcacht. Mar Chathaoirleach, táim sásta go bhfuil na rialuithe inmheánacha cuí i bhfeidhm agus go ndéantar bainistiú éifeachtach orthu chun ár riachtanais maidir le rialachas a bhaint amach. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach le do thoil ar Thuarascáil an Bhoird

Conclúid

Ar bhonn pearsanta, is mór an onóir dom filleadh ar Uisce Éireann agus an méid dul chun cinn atá déanta i dtreo fóntais éifeachtaigh náisiúnta uisce a fhorbairt d'Éirinn a fheiceáil go díreach. Ag obair le Niall Gleeson agus leis an bhfoireann ceannaireachta, tá mo chomhghleacaithe Boird agus mé féin tiomanta ár n-eolas agus ár dtaithí a úsáid chun an gnó a chur chun cinn, feidhmíocht seirbhíse a fheabhsú de réir a chéile trí infheistíocht a dhéanamh inár mbonneagar uisce agus séarachais agus trí mhaoirseacht bunaithe ar shaineolas a dhéanamh air. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire agus lena oifigigh sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a thacaíonn, in éineacht le NewERA, le cláir infheistíochta Uisce Éireann ar fud na tíre.

Ba mhaith liom fáilte ó chroí a chur roimh Michael Nolan, Paul Reid agus Douglas Millican a thug saibhreas saineolais agus taithí don Bhord i mbliana. Gabhaim buíochas le Tony Keohane, Liz Joyce, Fred Barry agus Christopher Banks as a dtiomantas agus a seirbhís agus iad ag éirí as an mbord. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do Niall Gleeson agus buíochas a ghabháil leis siúd, agus leis an bhfoireann Feidhmiúcháin as a gceannasaíocht leanúnach ar an eagraíocht agus as í a stiúradh ó neart go neart. Ar deireadh, thar ceann an Bhoird, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do shaineolas, do thiomantas agus do dhúthracht ár ndaoine, ár gcomhpháirtithe agus d’fhoireann uile na nÚdarás Áitiúil a sholáthraíonn seirbhísí uisce thar ceann Uisce Éireann.

Jerry Grant

Cathaoirleach