23. Tomhas Luacha Chóir

Tá tomhas luacha chóir le haghaidh sócmhainní agus dliteanais airgeadais ag teastáil do roinnt beartas cuntasaíochta agus nochtaí na Cuideachta. Agus luach cóir sócmhainne nó dliteanais á mheas, úsáideann an Chuideachta sonraí inbhraite margaidh chomh fada agus atá siad ar fáil.

Déantar luachanna córa a chatagóiriú i leibhéil dhifriúla in ordlathas luacha chóir bunaithe ar na hionchuir a úsáidtear sna teicnící luachála mar seo a leanas;

  • Leibhéal 1: praghsanna luaite (neamhchoigeartaithe) i margaí gníomhacha le haghaidh sócmhainní nó dliteanais chomhionanna.
  • Leibhéal 2: ionchuir nach na praghsanna a luadh iad, a cuireadh san áireamh i Leibhéal 1, atá infheicthe le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais, go díreach (is é sin, praghsanna) nó go hindíreach (is é sin, bunaithe ar phraghsanna).
  • Leibhéal 3: ionchuir le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais nach bhfuil bunaithe ar shonraí margaidh inbhraite (ionchuir neamh-inbhraite).

Más féidir na hionchuir a mbaintear úsáid astu le tomhas a dhéanamh ar luach cóir sócmhainne nó dliteanais a chatagóiriú ar leibhéil áirithe d’ordlathas an luacha chóir, ansin déantar an tomhas luacha chóir a chatagóiriú ina iomláine ar an leibhéal céanna den ordlathas luachanna córa mar an t-ionchur den leibhéal is ísle atá suntasach don tomhas iomlán. Aithníonn an Chuideachta aistrithe idir leibhéil d’ordlathas luacha chóir ag deireadh na tréimhse tuairiscithe ar tharla an t-athrú lena linn. Ní raibh aon aistriú ann sa bhliain 2024.

Déantar luach cóir iasachtaí, arna dtomhas ag an gcostas amúchta, a mheas agus na sreafaí airgid don todhchaí a lascainiú chuig na glanluachanna reatha agus úsáid á baint as na rátaí margaidh atá i bhfeidhm ar an dáta tuairiscithe - Ordlathas luacha chóir: leibhéal 2.

Faigheann suimeanna glanluacha airgead thirim agus coibhéisí airgid thirim, trádáil agus infháltais eile (glan), trádáil agus suimeanna iníoctha eile, agus dliteanais reatha eile na Cuideachta, a luachanna córa mar gheall ar nádúr gearrthéarmach na n-ionstraimí seo.

Ní raibh aon ionstraimí airgeadais ann a rinneadh a thomhas ag an gcostas amúchta ach a bhfuil gá le nochtadh luacha chóir ina leith agus a aicmíodh mar Leibhéal 3 sa bhliain reatha nó sa bhliain roimhe seo.