Tréimhse chomhairliúcháin phoiblí do Scéim Séarachais na Ceathrún Rua le dúnadh an tseachtain seo chugainn
Tá Uisce Éireann ag meabhrú do phobal na Ceathrún Rua go ndúnfar an comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar an bpróiseas roghnaithe láithreáin do scéim séarachais áitiúil ag meán oíche Dé Máirt seo chugainn, an 30 Meitheamh.
Moltar do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear cónaitheoirí áitiúla agus úinéirí gnó, ar mian leo aighneacht a dhéanamh mar chuid den chomhairliúchán poiblí é sin a dhéanamh sula dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin ceithre seachtaine an tseachtain seo chugainn. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí sheoladh ríomhphoist tiomnaithe an tionscadail: ancheathruruass@water.ie
Tá an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil ar oscailt ó Dé Céadaoin, an 3 Meitheamh. Tá Uisce Éireann ag lorg aiseolais ón bpobal maidir leis an bpróiseas roghnaithe láithreáin le haghaidh ionad cóireála fuíolluisce nua atá beartaithe agus bonneagar gaolmhar don cheantar.
Faoi láthair, tá an Cheathrú Rua ar cheann den bheagán ceantar eile in Éirinn ina scaoiltear fuíolluisce neamhchóireáilte ó líonra poiblí go díreach isteach san fharraige. Tá riosca comhshaoil ag baint leis an gcleachtas sin agus níl sé i gcomhréir le reachtaíocht an AE ná le reachtaíocht na hÉireann. Tabharfaidh an t-ionad nua atá beartaithe aghaidh ar an tsaincheist sin tríd an bhfuíolluisce a chóireáil sula scaoilfear amach san fharraige é.
Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil, reáchtáil Uisce Éireann imeacht faisnéise poiblí ag An Crompán ar an gCeathrú Rua Dé Céadaoin, an 10 Meitheamh. Tá an fhaisnéis a taispeánadh ag an imeacht, mar aon le bileoga faisnéise faoin tionscadal agus Ceisteanna Coitianta, le fáil anseo.
Beidh ról tábhachtach ag an aiseolas a gheofar ó chónaitheoirí áitiúla, úinéirí gnólachtaí, grúpaí pobail agus ionadaithe tofa le linn na tréimhse comhairliúcháin phoiblí seo sa phróiseas a bhaineann le láithreán a roghnú chun leanúint ar aghaidh chuig an gcéim deartha agus pleanála. Cuirfear gach aiseolas a gheofar san áireamh i dtuarascáil chomhairliúcháin a bheidh ag gabháil leis an iarratas ar chead pleanála nuair a chuirfear isteach é.
Tá gealltanas tugtha ag Uisce Éireann imeacht faisnéise poiblí eile a óstáil sula gcuirfear an phleanáil isteach, nuair a bheidh tuilleadh sonraí ar fáil faoi dhearadh an tionscadail.
D’iarr Angus Hall, Clárbhainisteoir Uisce Éireann, ar gach páirtí leasmhar nár chuir aiseolas ar fáil cheana féin é sin a dhéanamh roimh dheireadh na tréimhse comhairliúcháin an tseachtain seo chugainn.
“Tá aiseolas fíorluachmhar faighte againn cheana féin ón bpobal áitiúil, trí aighneachtaí ríomhphoist agus go pearsanta ag an imeacht le déanaí. Is acmhainn ríthábhachtach dúinn an t-eolas áitiúil agus an fhaisnéis ar an talamh seo agus muid ag iarraidh an tionscadal bonneagair chriticiúil seo a chur chun cinn i gcéimeanna roghnaithe agus deartha an láithreáin,” a dúirt Angus.
“Ba cheart d’aon duine ar mian leis go ndéanfaí a thuairimí a thaifeadadh mar chuid den chomhairliúchán aighneacht a dhéanamh roimh dheireadh na tréimhse comhairliúcháin oíche Dé Máirt seo chugainn.”
Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.