Skip to main content

Ceangail leis an líonra

Chun ceangal a dhéanamh nó ceangal a mhionathrú le soláthar uisce phoiblí nó le bonneagar bailithe fuíolluisce, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann. Bíonn sé níos fearr teagmháil a dhéanamh a luaithe agus is féidir le linn do thionscadail.

An próiseas ceangail

Tá an próiseas roinnte ina dhá chéim: Fiosrúchán Réamh-cheangail ar dtús le feiceáil más féidir ceangal a dhéanamh agus Céim Iarratais ar Cheangal nuair a bheidh tú réidh le hiarratas a dhéanamh. Féach ar ár bhfíseán gairid chun níos mó a fháil amach faoin bpróiseas.

View the steps for connecting to the network. 1 min 38 seconds

Cuir tús leis an iarratas

Tá Uisce Éireann freagrach as ceangail uisce agus fuíolluisce do thithe agus do ghnólachtaí ar fud na tíre. Tá muid ag obair i gcomhpháirt leis na hÚdaráis Áitiúla chun feabhas a chur ar an bpróiseas chun nascadh chuig na líonra uisce agus fuíolluisce.