Skip to main content

Comhairliúchán Poiblí seolta ag Uisce Éireann maidir le Dréachtstraitéis Fuíolluisce na Gaillimhe

Tá cuireadh á thabhairt do phobail i nGaillimh chun páirt a ghlacadh i bhforbairt mórstraitéise fuíolluisce

Inniu sheol Uisce Éireann comhairliúchán poiblí ocht seachtaine maidir le Dréachtstraitéis Fuíolluisce na Gaillimhe. Tá an Dréachtstraitéis á foilsiú in éineacht le Tuarascáil Chomhshaoil na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) agus Ráiteas Tionchair Natura (RTN).

Beidh an comhairliúchán poiblí ar siúl idir an Déardaoin, an 28 Bealtaine agus an Déardaoin, an 23 Iúil 2026.

Is garsprioc thábhachtach é foilsiú na Dréachtstraitéise san iarracht a chinntiú gur féidir le bonneagar cóireála agus gréasáin fuíolluisce na Gaillimhe tacú le fás go hinbhuanaithe, an timpeallacht a chosaint agus teacht aniar in aghaidh an athraithe aeráide a threisiú idir seo agus 2040, 2055 agus 2080.  

I gCreat Náisiúnta Pleanála 2040 aithnítear Gaillimh mar cheann de na ceantair uirbeacha is tapúla fáis in Éirinn le 50 bliain anuas agus mar phríomhthiománaí forbartha in Iarthar na hÉireann. Meastar go méadóidh daonra na hÉireann thart ar 40% idir 2022 agus 2040. Cuireann an leibhéal fáis seo níos mó brú ar an mbonneagar fuíolluisce atá ann faoi láthair chun freastal ar an éileamh atá ar thalamh seirbhísithe nua chun tacú le tithíocht, forbairt tráchtála agus tionscal.

Le linn dó a bheith ag labhairt faoin Dréachtstraitéis, bhí an méid seo a leanas le rá ag Sean Laffey, Stiúrthóir Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta Uisce Éireann: “Forbraíodh an Dréachtstraitéis seo trí thairbhe a bhaint as cur chuige fadtéarmach, fianaisebhunaithe chun a chinntiú gur féidir linn seirbhísí fuíolluisce amach anseo a phleanáil ar bhealach cinnte agus a chinntiú go bhfreastalaíonn muid ar riachtanais na nglúnta atá ina gcónaí agus ag obair i gcathair na Gaillimhe agus sna ceantair mórthimpeall faoi láthair agus riachtanais na ndaoine a bheith ina gcónaí agus ag obair sa cheantar amach anseo. Tá an straitéis seo dírithe ar phleananna a dhéanamh do thodhchaí na Gaillimhe. Molaimid do gach duine athbhreithniú a dhéanamh ar an Dréachtstraitéis agus ar na doiciméid a bhaineann léi agus a gcuid tuairimí a roinnt linn i rith thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí.”

Nuair a bhí an Dréachtstraitéis á cur i dtoll a chéile rinneadh athbhreithniú ar an mbonneagar fuíolluisce agus gréasáin atá le fáil i gCeantar Cathrach na Gaillimhe (Cathair na Gaillimhe agus a bruachbhailte) i láthair na huaire chomh maith le Maigh Cuilinn agus Baile Átha an Rí.  I láthair na huaire, tá ceithre ionad cóireála fuíolluisce i gceantar an staidéir seo, ar Inis Caorach (Cathair na Gaillimhe), i mBaile Átha an Rí, Baile Chláir agus Maigh Cuilinn.  

Príomh-mholtaí
Chun déileáil leis na dúshláin sin, moltar na príomhbhearta seo a leanas sa Straitéis: 

  • Dul chun cinn ar Ionad Cóireála Fuíolluisce (WWTP) Réigiúnach nua do Ghaillimh Thoir chun freastal ar riachtanais chóireála fuíolluisce fadtéarmacha an limistéir staidéir agus chun acmhainn, athléimneacht agus cosaint chomhshaoil leordhóthanach a sholáthar go dtí 2080.
  • Feabhsuithe ar acmhainn chóireála ag Ionaid Cóireála Fuíolluisce Inis Caorach agus Bhaile Átha an Rí sa ghearrthéarma chun freastal ar éilimh an daonra. Tá sé beartaithe oibreacha a dhéanamh ar na hionaid seo laistigh de thimthriall infheistíochta 2040.
  • Nuair a dhéanfar an t-ionad Réigiúnach nua i nGaillimh Thoir a choimisiúnú, aistreofar ualaí de réir a chéile ó Inis Caorach agus ó Bhaile Átha an Rí chun brúnna ualaigh ar na hionaid atá ann cheana a laghdú agus an riosca rialála fadtéarmach a bhainistiú. Leanfaidh ionad Inis Caorach ar aghaidh de bheith ag feidhmiú ar acmhainn laghdaithe agus déanfar stáisiún caidéalaithe d’ionad Bhaile Átha an Rí chun ualach a aistriú chuig an ngléasra Réigiúnach nua i nGaillimh Thoir, agus
  • Coinneofar cóireáil dhíláraithe ag Ionaid Cóireála Fuíolluisce Mhaigh Cuilinn agus Bhaile Cláir agus beidh aon uasghráduithe amach anseo bunaithe ar réamh-mheastacháin i dtaobh fás daonra agus eacnamaíoch.

Samhlaítear sa Dréachtstraitéis go mbeidh Ionad Cóireála Fuíolluisce Réigiúnach Oirthear na Gaillimhe á fhorbairt, a bheidh deartha ar bhealach a thacóidh le forbairt de réir a chéile. Le himeacht ama, bheadh fuíolluisce ó cheantair straitéiseacha thart ar an gcathair á aistriú ó Ionad Cóireála Fuíolluisce Inis Caorach chomh fada leis an ionad réigiúnach nua. Bheadh Inis Caorach ag leanúint ar aghaidh ag glacadh le fuíolluisce agus á chóireáil ó cheantar níos lú amach anseo. Bheadh Ionad Cóireála Fuíolluisce Bhaile Átha an Rí ag aistriú chun feidhmiú mar stáisiún caidéalúcháin fuíolluisce, agus bheadh gach sruth fuíolluisce á aistriú chomh fada leis an ionad nua.
Is é an aidhm atá leis na tograí a chinntiú go mbeidh bonneagar fuíolluisce ar fáil chun tacú le pobail i nGaillimh, bonneagar a éascaíonn forbairt eacnamaíoch agus réigiúnach, a chosnaíonn an timpeallacht agus a threisíonn teacht aniar in aghaidh an athraithe aeráide.

Roinn do thuairim linn
Tá cuireadh á thabhairt ag Uisce Éireann do bhaill den phobal, grúpaí pobail, gnóthaí, ionadaithe tofa agus páirtithe leasmhara chun aiseolas a chur ar fáil maidir leis an Dréachtstraitéis agus na tuarascálacha comhshaoil gaolmhara.
Is féidir breathnú ar na doiciméid chomhairliúcháin agus iad a íoslódáil ónár suíomh gréasáin 

Is féidir aighneachtaí a sheoladh ar aghaidh go dtí meán oíche, Déardaoin, an 23 Iúil 2026 ar na bealaí seo a leanas:

  • Ar líne: consult.water.ie
  • R-phost: gws@water.ie
  • Post: Uisce Éireann, Straitéis Fuíolluisce na Gaillimhe, 1 Páirc Gnó na Gaillimhe, Bóthar an Chaisleáin Nua Uachtarach, An Daingean, Gaillimh H91 A3EF

Chun tacú leis an gcomhairliúchán, reáchtálfaidh Uisce Éireann seimineár gréasáin i rith thréimhse an chomhairliúcháin freisin. Beidh sonraí agus eolas maidir le conas clárú le fáil ar an suíomh gréasáin.

Déanfar an t-aiseolas ar fad a fhaightear a athbhreithniú agus a mheas nuair a bheidh bailchríoch á cur ag Uisce Éireann le Straitéis Fuíolluisce na Gaillimhe, atá le foilsiú in 2026 in éineacht leis an Ráiteas MST agus Measúnacht Chuí (MC).

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.