13. Urrúis Airgeadais

Foráiltear leis an gcomhaontú go dtabharfar an bonneagar um sheirbhísí uisce agus fuíolluisce a leag an custaiméir féin ar láimh d’Uisce Éireann, tar éis measúnú dearbhaithe cáilíochta a dhéanamh ar na hoibreacha féin-leagtha agus tar éis an bonneagar a bheith ceangailte le líonra(í) Uisce Éireann. Chun lochtanna sócmhainní agus neamhchosaint ar riosca a mhaolú i gcásanna nach ndearnadh an obair i gceart, faigheann an Chuideachta urrús airgeadais in-aisíoctha agus coinnítear é mar chomhthaobhacht le linn an tionscadail tógála agus scaoiltear é i ndiaidh an tionscadal a chur i gcrích agus tréimhse dliteanais lochtanna 12 mhí. Déantar an t-urrús seo a ríomh de réir an Bheartais um Tháillí ar Cheangal. Tá srianta conartha ar chumas na Cuideachta úsáid a bhaint as an airgead seo.

Léirítear urrúis a choimeádtar ar thaiscí ar théarma níos mó ná 3 mhí ag an dáta ceannacháin mar ‘Shócmhainní Airgeadais”. Tá an fuílleach coimeádta i gcuntais bhainc atá inrochtana don Chuideachta agus dá réir sin léirítear iad mar “Airgead agus coibhéisí airgid thirim - iarmhéideanna tríú páirtí”.

Sócmhainní airgeadais - urrús airgeadais coimeádta ar thaisce téarma

31-Noll-24
€’000

31-Noll-23
€’000

Taiscí fadtéarmacha

40,000

72,250

Iomlán

40,000

72,250

Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim - iarmhéideanna tríú páirtí

31-Noll-24
€’000

31-Noll-23
€’000

Airgead sa bhanc

71,408

6,322

Iomlán

71,408

6,322