Tionscadal Uasghrádaithe Sholáthar Uisce Bhéal an Átha agus Loch Tailt Ábhar an tSuímh Ghréasáin
Tá dul chun cinn á dhéanamh ag Uisce Éireann chun feabhas a chur ar shlándáil agus acmhainneacht an tsoláthair uisce i mBéal an Átha agus sna ceantair máguaird i dTuaisceart Mhaigh Eo agus limistéar sholáthair uisce Loch Tailt i nDeisceart Shligigh.
An Tionscadal
Tá sé i gceist ag an tionscadal an bonneagar uisce i limistéir soláthair Bhéal an Átha agus Locht Tailt a uasghrádú. Soláthrófar soláthar uisce inbhuanaithe, fadtéarmach sa tionscadal do limistéar soláthair Loch Tailt i nDeisceart Shligigh trí líonra sholáthar uisce Bhéal an Átha a leathnú chun freastal ar an gceantar.
Áireofar leis an tionscadal iontógáil amhuisce uasghrádaithe ó Loch Con, breis acmhainne cóireála ag Ionad Cóireála Uisce Lios Gleannáin don réigiún, agus stóráil uisce cóireáilte ag Lios Gleannáin, Muine Chonalláin agus Loch Tailt.
Cén fáth a bhfuil gá leis an tionscadal seo
Tá an tionscadal de dhíth chun soláthar uisce sábháilte agus iontaofa a sholáthar do Bhéal an Átha agus na ceantair máguaird, agus tacaíocht á tabhairt d’fhás agus d’fhorbairt amach anseo ag an am céanna. Méadófar acmhainn sa líonra soláthair leis na huasghráduihe molta, rud a ligfidh d’Uisce Éireann líonra Bhéal an Átha a leathnú chuig limistéir a bhfreastalaíonn Scéim Soláthair Uisce Loch Tailt orthu, rud nach bhfuil inbhuanaithe go fadtéarmach.
Soláthrófar stóráil bhreise i Lios Gleannáin agus Muine Chonalláin chun slándáil an tsoláthair a fheabhsú do Bhéal an Átha agus Muine Chonalláin. Soláthrófar saoráidí stórála nua freisin ag Loch Tailt chun soláthar uisce seasmhach a chinntiú le haghaidh Dheisceart Chontae Shligigh.
Freastalaíonn príomhphíobán uisce ríthábhachtach atá ag dul in aois ar chodanna móra de Bhéal an Átha faoi láthair, rud a ionadófar chun iontaofacht an tsoláthair uisce a fheabhsú.
Ar a bharr sin, cuirfidh cuíchóiriú Ionad Cóireála Uisce Loch Tailt deireadh le hastarraingt uisce ó Loch Tailt, rud a dhéanfaidh leibhéil nádúrtha an locha a athbhunú agus a sholáthróidh buntáistí suntasacha éiceolaíocha do ghnáthóga agus d’fhiabheatha áitiúla.
Tairbhí an Tionscadail
Soláthrófar réimse buntáistí sa tionscadal seo don bhonneagar reatha agus don líonra níos leithne, lena n-áirítear:
- Fás agus forbairt a chumasú amach anseo sa réigiún.
- Uasghráduithe ar an seanbhonneagar líonra uisce reatha.
- Breis acmhainneachta sa líonra trí stóráil uisce cóireáilte a mhéadú do Bhéal an Átha agus do Mhuine Chonalláin.
- Stóráil bhreise d’uisce cóireáilte ag Loch Tailt, Contae Shligigh.
- Uasghrádú ar shaoráidí cóireála uisce Lios Gleannáin, rud a fheabhsóidh seasmhacht na bpróiseas cóireála.
Cad atá i gceist leis an tionscadal seo?
- Uasghráduithe ar iontógáil Amhuisce Fhoithriú agus ar an stáisiún caidéalúcháin.
- Uisce a aistrítear trí phríomhphíobán aníos reatha chuig umair stórála reatha ag stáisiún caidéalúcháin amhuisce Lios Gleannáin.
- Uasghráduithe ar stáisiún caidéalúcháin amhuisce Lios Gleannáin.
- Uisce a aistrítear trí phríomhphíobán aníos uasghrádaithe chuig ICU Lios Gleannáin.
- Príomhphíobán nua ó ICU Lios Gleannáin chuig Stáisiún Caidéalúcháin Treisithe (SCT) Mhuine Chonalláin (BPS).
- Stáisiún Caidéalúcháin Treisithe nua in aice Mhuine Chonalláin.
- Taiscumar uisce cóireáilte Mhuine Chonalláin nua.
- Príomhphíobán uisce nua ó stáisiún caidéalúcháin treisithe chuig Bearna na Gaoithe.
- Príomhphíobán aistrithe nua ó Bhearna na Gaoithe chuig suíomh ICU reatha Loch Tailt.
- Taiscumar Loch Tailt nua agus saoráidí cóireála.
Ionad Cóireála Uisce Lios Gleannáin
- Leathadh agus uasghráduithe Ionad Cóireála Lios Gleannáin.
- Stóráil uisce cóireála nua ag ICU Lios Gleannáin.
Cad atá ag tarlú anois?
Lainseálfar comhairliúchán neamhreachtúil maidir le Tionscadal Uasghrádaithe Sholáthar Uisce Bhéal an Átha agus Loch Tailt sna seachtainí atá amach romhainn. Soláthrófar deis do pháirtithe leasmhara sa chomhairliúchán aischothú a thabhairt ar na hoibreacha uasghrádaithe molta sula gcuireann Uisce Éireann aighneacht faoi bhráid An Coimisiún Pleanála.
Cuirfear níos mó eolais ar fáil don phobal i leith an tionscadail agus an imeachta eolais phoiblí, mar aon le sonraí faoi conas aighneacht a chur isteach, sna seachtainí atá amach romhainn.
Tá Uisce Éireann tiomanta i gcónaí chun bonneagar a sholáthar a chomhlíonann riachtanais na bpobal atá ag fás, fad a chosnaítear an comhshaol agus a chinntítear acmhainneacht fhadtréimhseach.
Conas is féidir liom bheith páirteach?
Tugaimid cuireadh duit d’aiseolas a thabhairt maidir le tograí an tionscadail. Beidh an comhairliúchán neamhreachtúil sin ar siúl ar feadh ceithre seachtaine ón Máirt an 24 Márta go dtí an Luan an 20 Aibreán 2026.
Tá roghanna éagsúla ann chun aiseolas a thabhairt agus do thuairim a chur in iúl:
- Cuir aiseolas i scríbhinn ar fáil le ríomhphost chuig ballinaloughtaltwsz@water.ie
- Freastail ar an imeacht faisnéise poiblí inar féidir leat bualadh leis an bhfoireann tionscadail agus ceisteanna ar bith a chur atá agat faoin tionscadal atá beartaithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin suirbhé, faoin tionscadal, agus/nó faoin gcomhairliúchán, féach ar shuíomh gréasáin an tionscadail nó seol ríomhphost chuig ballinaloughtaltwsz@water.ie
Ní mór gach freagairt a chur isteach faoi mheán oíche Dé Luain an 20 Aibreán 2026. Ní chuirfear freagairtí san áireamh a gheofar tar éis an ama sin.
Imeachtaí faisnéise poiblí
Tá Uisce Éireann ag reáchtáil imeacht faisnéise poiblí aghaidh ar aghaidh sa cheantar áitiúil inar féidir leat bualadh leis an bhfoireann tionscadail agus aon cheisteanna atá agat faoin tionscadal atá beartaithe a chur. Seo a leanas sonraí an imeachta:
Dáta: Dé Céadaoin an 15 Aibreán 2026
Am: 4pm – 8pm
Ionad: Kennedy Glasgow House, Bóthar na Cé, Cúige na Mainséar, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26 RH58
Ceisteanna Coitianta
Is éard atá i gceist leis an tionscadal atá beartaithe maidir le hUasghrádú ar Sholáthar Uisce Bhéal an Átha agus Loch Tailt ná pleananna chun feabhas a chur ar shlándáil agus ar athléimneacht an tsoláthair uisce i mBéal an Átha agus sna ceantair máguaird i dTuaisceart Mhaigh Eo agus i limistéar soláthair Loch Tailt i nDeisceart Shligigh.
Tairbheoidh an tionscadal sin do thart ar 35,000 duine, rud a chinnteoidh soláthar uisce iontaofa agus inbhuanaithe do Bhéal an Átha, Muine Chonalláin, Tobar an Choire, agus na ceantair máguaird chomh maith le fás agus forbairt shóisialta agus eacnamaíoch sa réigiún amach anseo a éascú.
- Tá an tionscadal de dhíth chun soláthar uisce sábháilte agus iontaofa a sholáthar do Bhéal an Átha agus do na ceantair máguaird, agus tacaíocht á tabhairt d’fhás agus d’fhorbairt amach anseo. Méadófar acmhainn sa líonra soláthair leis na huasghráduithe atá beartaithe, rud a chuirfidh ar chumas Uisce Éireann líonra Bhéal an Átha a leathnú chuig limistéir a bhfreastalaíonn Scéim Soláthair Uisce Loch Tailt orthu, rud nach bhfuil inbhuanaithe san fhadtéarma.
- Tógfar stóráil bhreise i Lios Gleannáin chun slándáil an tsoláthair a fheabhsú do Bhéal an Átha agus Muine Chonalláin. Soláthrófar saoráidí stórála nua freisin ag Loch Tailt chun soláthar uisce seasmhach a chinntiú do Dheisceart Chontae Shligigh.
- Freastalaíonn príomhphíobán uisce ríthábhachtach atá ag dul in aois ar chodanna móra de Bhéal an Átha faoi láthair. Athsholáthrófar an príomhphíobán uisce sin chun iontaofacht an tsoláthair uisce a fheabhsú.
- Lena chois sin, cuirfidh cuíchóiriú Ionad Cóireála Uisce Loch Tailt deireadh le hastarraingt uisce ó Loch Tailt, rud a athbhunóidh leibhéil nádúrtha an locha agus a sholáthróidh tairbhí suntasacha éiceolaíocha do ghnáthóga agus don fhiadhúlra áitiúil.
Soláthrófar leis an tionscadal roinnt príomhthairbhí don bhonneagar agus don líonra uisce atá ann cheana, lena n-áirítear:
- Fás agus forbairt amach anseo sa phobal a éascú agus freastal ar an méadú measta daonra sa cheantar.
- Tabharfar aghaidh ar dhúshláin soláthair uisce reatha agus amach anseo sa réigiún.
- Lena chois sin, cuirfidh cuíchóiriú Ionad Cóireála Uisce Loch Tailt deireadh le hastarraingt ó Loch Tailt, rud a chuideoidh le leibhéil nádúrtha an locha a athbhunú agus a sholáthróidh tairbhí suntasacha éiceolaíocha do ghnáthóga agus don fhiadhúlra áitiúil.
- Cuimsítear sa tionscadal atá beartaithe iontógáil amhuisce uasghrádaithe ó Loch Con, breis acmhainne cóireála ag Ionad Cóireála Uisce Lios Gleannáin, agus stóráil uisce cóireáilte nua ag Lios Gleannáin, Muine Chonalláin agus Loch Tailt. Leis na huasghráduithe sin, cuirfear feabhas suntasach ar athléimneacht an líonra agus cuirfear feabhas ar shlándáil fhadtéarmach an tsoláthair ar fud Thuaisceart Mhaigh Eo agus Deisceart Shligigh.
Beidh na hoibreacha seo a leanas i gceist leis an tionscadal atá beartaithe, lena n-áirítear:
- Uasghráduithe ar iontógáil amhuisce Fhoithriú
- Uasghráduithe ar stáisiún caidéalúcháin amhuisce Lios Gleannáin
- Príomhphíobán nua ó ICU Lios Gleannáin chuig Stáisiún Caidéalúcháin Treisithe (SCT) Mhuine Chonalláin a thógáil
- Stáisiún Caidéalúcháin Treisithe nua a thógáil in aice le Muine Chonalláin
- Taiscumar uisce cóireáilte a thógáil i Muine Chonalláin
- Tógáil príomhphíobáin uisce nua ó stáisiún caidéalúcháin treisithe chuig Bearna na Gaoithe
- Tógáil príomhphíobáin aistrithe ó Bhearna na Gaoithe chuig suíomh ICU reatha Loch Tailt
- Tógáil Taiscumair agus saoráidí cóireála nua ag Loch Tailt
- Leathadh agus uasghráduithe ar Ionad Cóireála Lios Gleannáin
- Stóráil uisce cóireála nua a sholáthar ag ICU Lios Gleannáin
Tá, meastar gur Forbairt Bonneagair Straitéisigh (FBS) é an Tionscadal maidir le hUasghrádú ar Sholáthar Uisce Bhéal an Átha agus Loch Tailt faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt (2000) agus déanfar iarratas pleanála go díreach chuig an gCoimisiún Pleanála (ar a dtugtaí an Bord Pleanála roimhe seo).
Is féidir cur síos a dhéanamh ar FBS go ginearálta mar fhorbairt a bhfuil tábhacht straitéiseach eacnamaíoch nó shóisialta ag baint léi don stát nó do réigiún. Beidh Tuarascáil Measúnaithe Tionchair Chomhshaoil, Ráiteas Tionchair Natura, chomh maith le doiciméid phleanála ábhartha eile san áireamh san iarratas FBS don tionscadal seo.
Síníodh an tAcht um Chomhshaol Uisce (Astarraingtí agus Gabhálacha Gaolmhara) 2022 ina dhlí an 28 Lúnasa 2024. Cuimsítear foráil sa reachtaíocht nua maidir le hastarraingt uisce chun na haicmí forbartha laistigh den Seachtú Sceideal den Acht um Phleanáil agus Forbairt (2000) (i.e. aicmí SID) a leathnú chun astarraingtí uisce dromchla a chuimsiú. Tá na leibhéil astarraingthe uisce dromchla atá beartaithe ag Loch Con níos mó ná an tairseach thuas, dá bhrí sin, meastar go bhféadfadh an fhorbairt atá beartaithe ag Loch Con cáiliú mar SID.
Sea, beidh Uisce Éireann ag dul i mbun comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil chun faisnéis a chur ar fáil do chónaitheoirí áitiúla, do ghnólachtaí agus d’aon gheallsealbhóirí eile maidir leis an bhforbairt atá beartaithe. Beidh an comhairliúchán poiblí sin ar siúl ar feadh tréimhse 4 seachtaine ón Máirt an 24 Márta go dtí an Luan an 20 Aibreán 2026. Beidh imeacht faisnéise poiblí duine le duine á reáchtáil againn sa cheantar áitiúil freisin inar féidir leat bualadh leis an bhfoireann tionscadail agus aon cheisteanna atá agat faoin tionscadal atá beartaithe a fhiafraigh. Seo a leanas sonraí an imeachta:
Tá roghanna éagsúla ann chun aiseolas a thabhairt agus do thuairim a chur in iúl:
- Cuir aiseolas i scríbhinn ar fáil le ríomhphost chuig ballinaloughtaltwsz@water.ie (sonraí le deimhniú nuair a bheidh siad socraithe).
- Freastail ar an imeacht faisnéise poiblí inar féidir leat bualadh leis an bhfoireann tionscadail agus ceisteanna ar bith a chur atá agat faoin tionscadal atá beartaithe.
Imeachtaí faisnéise poiblí (ar an láthair):
Dáta: Dé Céadaoin an 15 Aibreán 2026
Am: 4pm – 8pm
Ionad: Kennedy Glasgow House, Bóthar na Cé, Cúige na Mainséar, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26 RH58
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin suirbhé, faoin tionscadal, agus/nó faoin gcomhairliúchán, féach ar shuíomh gréasáin an tionscadail nó seol ríomhphost chuig ballinaloughtaltwsz@water.ie.
Tabhair faoi deara, le do thoil, gurb é meán oíche Dé Luain an 20 Aibreán 2026 an spriocdháta le haghaidh aiseolas a chur isteach. Ní chuirfear freagairtí san áireamh a gheofar tar éis an ama sin.
Tá Uisce Éireann i mbun plé leis an bpobal áitiúil agus le geallsealbhóirí maidir leis an tionscadal atá beartaithe trí phróiseas comhairliúcháin neamhreachtúil sula gcuirtear an t-iarratas pleanála foirmiúil isteach.
Meastar gur Forbairt Bonneagair Straitéisigh (FBS) an tionscadal faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt (2000) agus déanfar iarratas pleanála go díreach chuig an gCoimisiún Pleanála (ar a dtugtaí an Bord Pleanála roimhe seo).
Seo a leanas na príomh-amlínte measta:
- Iarratas pleanála – spriocdháta d’iarratais R2 2026