Skip to main content

Tá sé ar intinn ag Uisce Éireann sceitheadh a laghdú i Leitir Ceanainn

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Beidh foirne Uisce Éireann ag dul go Leitir Ceanainn sna seachtainí atá romhainn chun oibreacha tábhachtacha a chur i gcrích a laghdóidh líon na bpléascthaí sa bhaile.

Athchuirfear beagnach 400m de phríomhlíonra uisce sa Ghráinseach, Leitir Ceanainn, faoin bhfómhar seo mar chuid de Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite de chuid Uisce Éireann. 

A bhuí leis na hoibreacha seo, beidh níos mó muiníne ag tithe agus gnólachtaí áitiúla as a soláthar uisce trí sceitheadh a laghdú feadh an phríomhlíonra seo. 

Tá Patricia Lowry, de chuid Uisce Éireann, ag tnúth go mór leis an tionscadal seo a chur i gcrích do chustaiméirí i Leitir Ceanainn.

“Tá lúcháir orainn tús áite a thabhairt d’infheistíocht i líonra uisce Dhún na nGall. Ní mór don phríomhlíonra uisce seo i Leitir Ceanainn a athchur chun pléascthaí a laghdú agus soláthar uisce a chosaint. Oibreoidh ár bhfoirne go dícheallach chun na hoibreacha seo a chur i gcrích a luaithe is féidir. Tuigimid gur féidir leis an gcineál oibre seo a bheith míchaoithiúil, agus déanfaimid ár seacht ndícheall chun aon chur isteach ar an bpobal áitiúil a íoslaghdú. Gabhaimid ár mbuíochas leis an bpobal as ucht a gcuid foighne agus comhoibrithe de réir mar a théann na hoibreacha riachtanacha seo ar aghaidh”.  

Oibreoidh foirne feadh an L-1174, An Ghráinseach, Leitir Ceanainn ón acomhal ar Bhóthar Ghleann Chartha go dtí an t-acomhal ar Upper Fernhill.

Beidh dúnadh bóthair ag teastáil chun na hoibreacha seo a chur i gcrích ar bhealach sábháilte. Beidh comharthaí ann maidir le bealaí atreoraithe, agus is féidir leis an bpobal a bheith cinnte go mbeidh rochtain áitiúil agus éigeandála ann an t-am ar fad. 

Beidh limistéir oibre teoranta do stráicí áirithe chun an tionchar a íoslaghdú, agus cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra 48 uair, ar a laghad, do chustaiméirí roimh aon chur isteach atá beartaithe. 

Tá na hoibreacha seo á gcur i gcrích ag Farrans Construction thar ceann Uisce Éireann. 

Tá Ionad Teagmhála Custaiméirí Uisce Éireann, atá ar oscailt 24/7 ar shaorghlao 1800 278 278, ar fáil le haon cheisteanna a fhreagairt. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.water.ie.

Cuireann Uisce Éireann seirbhís téacs saor in aisce ar fáil a thugann nuashonruithe fíor-ama maidir le saincheisteanna áitiúla. Féadann custaiméirí clárú leis lena nÉirchód agus lena n-uimhir fóin póca ar an leathanach foláirimh téacs

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú. 

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.