Tá dul chun cinn á dhéanamh ag Uisce Éireann ar uasghrádú mór ar fhuíolluisce laistigh de Ghaeltacht na nDéise
Tá áthas ar Uisce Éireann a fhógairt go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ar oibreacha chun an líonra fuíolluisce a uasghrádú i Baile na nGall, Co. Phort Láirge.
Is ionann an tionscadal agus infheistíocht €8m ag Uisce Éireann agus rachaidh sé go mór chun tairbhe don phobal áitiúil agus cinnteofar leis go gcloífear le rialacháin fuíolluisce náisiúnta agus rialacháin an AE don chomhshaol. A luaithe a bheidh na hoibreacha curtha i gcrích, beidh feabhas ar cháilíocht an uisce i gCuan Dhún Garbhán, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC), agus cosnófar gnáthóg uisceach oisrí agus sliogéisc eile laistigh den uisce sliogéisc ainmnithe seo.
Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ar oibreacha sa cheantar, agus tá tógáil umar forsceite uisce stoirme nua agus stáisiún caidéalúcháin nua i mbéal a gcríochnaithe. Tá oibreacha ar siúl faoi láthair ar fud an phobail, áit a dhéanfar uasghrádú ar bheagnach 3km de líonra séarachais.
Leanfar le huasghrádú a dhéanamh ar an líonra séarachais i mBaile na nGall agus sa cheantar máguaird sna míonna atá romhainn, chomh maith le huasghráduithe ar an stáisiún caidéalúcháin atá ann cheana féin agus tógáil na stráisiún caidéalúcháin nua a chur i gcrích ag an Móta agus ag cuan Bhaile na nGall.
Ag labhairt dó faoin tionscadal, dúirt an Bainisteoir Cláir ag Uisce Éireann, Colm Claffey: “Cinnteoidh an bonneagar nua agus feabhsaithe seo go gcaithfear go cuí le fuíolluisce i mBaile na nGall de réir na gcaighdeán comhshaoil is airde sula scaoilfear amach go sábháilte é sa timpeallacht mhuirí.
“Táimid tiomanta do na huasghráduithe seo a chur i gcrích chomh héifeachtach agus is féidir agus an cur isteach ar an bpobal áitiúil a íoslaghdú ag an am céanna. Táimid buíoch as ucht foighne agus comhoibriú leanúnach gach duine agus an obair ríthábhachtach seo ar siúl againn.”
Tá David Walsh Civil Engineering Ltd ag obair thar ceann Uisce Éireann chun an tionscadal seo a chur i gcrích. Táthar ag súil go mbeidh an tionscadal seo curtha i gcrích i bhfómhar na bliana 2026.
D’fhonn na hoibreacha seo a chur i gcrích go sábháilte agus go héifeachtach, beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm. Beidh dúnadh bóthair ag teastáil do na bóithre áitiúla L-2027 agus L-6119 chun na gníomhaíochtaí tógála a éascú. Coimeádfar rochtain áitiúil agus éigeandála ar réadmhaoin agus cuirfear comharthaí bóthair suas maidir le malairt slí.
Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce agus fuíolluisce poiblí uile in Éirinn a sheachadadh. Táimid tiomanta do bhonneagar criticiúil a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacú leis an bhfás atá riachtanach i dtithíocht agus ar fud ár ngeilleagair, agus an comhshaol á chosaint agus soláthairtí uisce á gcosaint.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na hoibreacha, tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin.