Skip to main content

Tá deireadh láithreach bonn leis na srianta uisce thar oíche in Inis Oírr

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Is mian le hUisce Éireann a mheabhrú do chustaiméirí in Inis Oírr go bhfuil deireadh anois leis na srianta uisce thar oíche a bhí i bhfeidhm ar sholáthar uisce poiblí an oileáin.

Bhí srianta uisce i bhfeidhm in Inis Oírr gach oíche idir 11pm agus 7 am i rith míonna an tsamhraidh d’fhonn na hacmhainní ísle uisce ar an oileán a chaomhnú.

Bhí gá leis na srianta seo chun soláthar leanúnach uisce a chinntiú, i rith an lae, do chónaitheoirí, do ghnólachtaí agus do chuairteoirí chuig an oileán.

Dúirt Tony Kelly ó Uisce Éireann: “Tá na hacmhainní uisce ar an oileán feabhsaithe agus i láthair na huaire tá go leor uisce ann chun a chinntiú go mbeidh soláthar uisce leanúnach ar fáil don fhómhar. Leanfaidh Uisce Éireann ar aghaidh ag déanamh monatóireachta ar an soláthar agus ag cothú an tsoláthair d’ár gcustaiméirí in Inis Oírr.

“Tuigimid go maith gur féidir míchaoithúlacht a bheith i gceist le srianta thar oíche, agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le cónaitheoirí, le gnólachtaí agus le cuairteoirí chuig an oileán as a gcuid iarrachtaí caomhnaithe uisce fad is a bhí na srianta i bhfeidhm.”

Tá Uisce Éireann tiomanta ár gcustaiméirí a choinneáil ar an eolas thar ardáin éagsúla 24/7 agus molaimid do chustaiméirí teagmháil a dhéanamh linn tríd ár láithreán gréasáin, na cainéil X @IWCare agus @IrishWater agus tríd ár líne do chúram custaiméirí atá ar fáil 24/7 ar 1800 278 278.

Tá seirbhís téacs atá saor in aisce, seolta ag Uisce Éireann a chuireann eolas fíor-ama ar fáil maidir le fadhbanna áitiúla. Is féidir le custaiméirí clárú lena nÉirchód agus le huimhir fóin póca anseo.

Roimhe sin

Tá Uisce Éireann ag meabhrú do chustaiméirí in Inis Oírr go bhfuil feidhm go fóill le srianta uisce ar sholáthar uisce an oileáin san oíche.    

Tugadh srianta uisce ist’oíche isteach i lár mhí Aibreáin d’fhonn uisce a chaomhnú agus soláthar i rith an lae a chosaint.  

Tá srianta i bhfeidhm ó 11pm go 7am agus tá siad riachtanach chun leibhéil taiscumair ar Inis Oírr a chosaint agus chun a chinntiú go bhfuil soláthar leanúnach uisce ar fáil do mhuintir na háite agus do chuairteoirí ar an oileán.

Ghabh Tony Kelly ó Uisce Éireann buíochas le custaiméirí ar Inis Oírr as a gcomhoibriú agus d’iarr sé orthu a gcuid uisce a chaomhnú.  

"Táimid ag iarraidh ar chustaiméirí díriú ar an úsáid a bhaineann siad as an uisce" Is féidir le hiarrachtaí simplí caomhnaithe uisce éifeacht nach beag a bheith acu ar an éileamh ar an soláthar a laghdú. Is féidir suas le sé lítear uisce in aghaidh an nóiméid a shábháil má chastar an sconna as, fad is a mbítear ag scuabadh fiacla nó ag bearradh feasóige. Is féidir difríocht ollmhór a dhéanamh d’úsáid uisce má thógtar cith seachas folcadh, má bhaintear úsáid as canna spréite seachas píobán nuair a bhítear ag garraíodóireacht."

"Táimid ag cur i gcuimhne do dhaoine atá freagrach as áitribh nach bhfuil áitithe faoi láthair seiceáil a dhéanamh do sceití agus uisce a mhúchadh nuair nach mbíonn sé ag teastáil" a dúirt Tony.  

Chun teacht ar bhealaí simplí chun uisce a chaomhnú, feach ar áireamhán caomhnaithe uisce Uisce Éireann, d’fhéadfadh sé cabhrú le daoine a dhéanamh amach cé mhéad uisce atá in úsáid acu faoi láthair agus conas is féidir tuilleadh uisce a chaomhnú.  

Déantar cumarsáid go díreach le custaiméirí leochaileacha atá cláraithe linn maidir le héaradh seirbhíse atá pleanáilte agus cinn nach bhfuil pleanáilte a mhairfidh ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre uair an chloig.  

Tá foireann chúram custaiméirí Uisce Éireann ar fáil 24/7 ar 1800 278 278 agus is féidir le custaiméirí teagmháil a dhéanamh linn ar X @IWCare. Chun tuilleadh eolais chun dáta a fháil teigh chuig ‘seirbhís agus soláthar’ ar www.water.ie.

Tá seirbhís téacsteachtaireachta, saor in aisce seolta ag Uisce Éireann a chuireann eolas fíor-ama ar fáil maidir le fadhbanna áitiúla. Is féidir le custaiméirí clárú leis an Éirchód agus an uimhir ghutháin ag www.water.ie.

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.