Skip to main content

Soláthairtí Uisce Eile ar fáil ag Cé Oileán Ghabhla tar éis cur isteach ar sholáthar uisce an oileáin

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Tá criúnna Uisce Éireann ag tacú le foirne deisiúcháin chun measúnú a dhéanamh ar an damáiste a rinneadh don phíblíne fo-thoinn lena solathraítear uisce óil ón mórthír chuig Oileán Ghabhla.

Tá suas le 40 áitreabh buailte ag an éaradh seirbhíse uisce, tá soláthairtí uisce eile lena n-áirítear tainceir agus uisce i mbuidéal ar fáil ar an gcé in Oileán Ghabhla.

D’aithin Damien O’Sullivan ó Uisce Éireann an tionchar nach beag ar chustaiméirí mar gheall ar an éaradh seirbhíse.

"Tuigeann Uisce Éireann an mhíchaothúlacht  a bhaineann le héaradh seirbhíse nach rabhthas ag súil leis, is mian linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le daoine as a bheith foighneach a’fhad is atáimid ag tacú le hiarrachtaí an soláthar uisce a chur ar fáil arís, chomh luath agus is féidir linn é.

“Is deisiúchán casta é mar gheall ar na dushláin a bhaineann le bonneagar fo-thoinn agus molaimid do dhaoine gan a bheith ag taisteal gar don bhonneagar atá  marcáilte le marcóirí sa chuan, agus a bheith tíosach le huisce atá stóráilte nuair is féidir é”.

Tá Uisce Éireann tiomanta d’ár gcustaiméirí a choinneáil ar an eolas thar ardáin éagsúla 24/7 agus molaimid do chustaiméirí teagmháil a dhéanamh linn tríd ár láithreán gréasáin, bealaí X@IWCare agus @IrishWater, agus tríd ár líne do chúram na gcustaiméirí atá ar fáil 24/7 ar 1800 278 278. 

Tá seirbhís téacs atá saor in aisce seolta ag Uisce Éireann a chuireann eolas fíor-ama ar fáil maidir le fadhbanna áitiúla. Is féidir le custaiméirí clárú leis an Éirchód agus an uimhir ghutháin ar www.water.ie 

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.