Port na Bláiche and An Craoslach to benefit from Uisce Éireann investment
Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section
Tá iarrachtaí Uisce Éireann chun an soláthar uisce a fheabhsú do chustaiméirí ar fud Chontae Dhún na nGall ag dul ar aghaidh agus é ar tí tús a chur le hoibreacha i bPort na Bláiche agus sa Chraoslach sna laethanta atá amach romhainn.
Is féidir le pobail Na Foithreach, Phort na Blaíche, Dhroim na Rátha agus An Chraoslaigh níos mó muiníne a bheith acu ina soláthar uisce, anois go bhfuil oibreacha de chuid Uisce Éireann ar tí tosú chun 1.4km de shean-phríomhphíobáin a bhaint amach agus píobáin nua a chuir ina n-áit.
Rachaidh na hoibreacha ar aghaidh i ndhá chéim ar an N56 idir an bhFothair agus Droim na Rátha, mar chuid den An Clár Náisiúnta um Laghdú Sceite.
Bainfidh tithe agus gnólachtaí sna ceantair seo tairbhe as an infheistíocht shuntasach seo ina gcuirfear píobáin nua-aimseartha isteach chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil.
Tá an Clárbhainisteoir, Patricia Lowry, ag súil leis an tionscadal seo a sheachadadh do chustaiméirí sa cheantar.
“Thug Uisce Éireann tús áite d’infheistíocht agus athsholáthar a dhéanamh don gcuid seo de na príomhphíobáin uisce mar gheall ar aois na bpiobán agus a riocht a bhí ag dul in olcas. Tá an feabhas seo ríthábhachtach don líonra uisce agus táimid ar bís chun é a chur chun cinn don bpobal áitiúil, toisc go neartófar an líonra do na glúnta atá le teacht. Ar na tairbhí a thiocfaidh as an obair seo dár gcustaiméirí sa cheantar, beidh soláthar uisce iontaofa ar fáil, laghdófar an líon pléascthaí agus laghdófar sceitheadh uisce".
Beidh soilse tráchta in úsáid fad is a bheidh na hoibreachta ar siúl d’fhonn an tionscadal seo a chur i gcrích go sábháilte agus go héifeachtúil. Beidh rochtain áitiúil agus éigeandála ann i gcónaí.
Is é an gnólacht Farrans Construction atá ag tabhairt faoi na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann agus táthar ag súil go mbeidh an tionscadal i gcrích i dtús na bliana seo chugainn.
Tá an tionscadal seo á sheachadadh mar chuid den gClár Náisiúnta um Laghdú Sceite de chuid Uisce Éireann; is clár é a bhfuil tairbhí suntasacha á sholáthar aige go leanúnach chuig pobail ar fud na hÉireann; lena n-áirítear cáilíocht uisce níos fearr, soláthar uisce atá níos seasmhaí agus níos inbhuanaithe a chur ar fáil do chustaiméirí, agus coigilt shúntasach uisce a dhéanamh.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gClár um Laghdú Sceite tabhair cuairt ar Reducing Leaks.
Is féidir le baill an phobail aon sceitheadh a thugann siad faoi deara ar an líonra uisce poiblí a thuairisciú trí theagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann ar 1800 278 278 nó ar líne ag ‘Tuairiscigh Sceitheadh’. Leis an tseirbhís téacs de chuid Uisce Éireann; seirbhís atá saor in aisce, cuirtear eolas fíor-ama ar fáil maidir le fadhbanna áitiúla. Is féidir le custaiméirí clárú lena nÉirchód agus lena n-uimhir ghutháin ar text alerts service.
Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil phoiblí agus seirbhísí fuíolluisce a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do, phobail a chumasú chun bláthú trí uasghrádú agus forbairt leanúnach a dhéanamh ar bhonneagar bunriachtanach chun tacú le fás agus le forbairt agus uisce óil shábháilte a chur ar fáil mar aon leis an timpeallacht féin a fheabhsú. Chun a thuilleadh eolais a fháil féach ar www.water.ie.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.