Skip to main content

Le hoibreacha sa Cheann Thiar, cuirfear feabhas ar an soláthar uisce i gCathair na dTreabh

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Bíonn Gaillimh lán dóchais agus sceitimíní i rith an tsamhraidh i gcónaí, agus tá cúis eile ag cónaitheoirí agus cuairteoirí Chathair na dTreabh anois le ceiliúradh a dhéanamh. 

Cuirfear tús gan mhoill le hoibreacha suntasacha athsholáthair ar an bpríomhlíonra uisce siar ó lár na cathrach, rud a chuirfidh feabhas suntasach ar an gcáilíocht uisce do chustaiméirí Uisce Éireann sa cheantar agus a laghdóidh na leibhéil sceite ar an líonra.  

Déanfar na hoibreacha sin siar ó Lár Chathair na Gaillimhe agus beidh beagnach 1.5 km de phríomhlíonra uisce nua don cheantar i gceist leis an gclár iomlán. Déanfar an chéad chéim de na hoibreacha feadh Pháirc Phailmíre agus Bhóithrín na Sliogán.  

Tá na hoibreacha á ndéanamh faoi Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite Uisce Éireann agus mar thoradh orthu sin beidh soláthar uisce níos sláine agus níos iontaofa ann do chustaiméirí i gCathair na Gaillimhe, agus feabhsófar an cháilíocht uisce do thithe agus do ghnólachtaí. 

Beidh gá le bóithre a dhúnadh ar bhonn sealadach i gcás roinnt codanna den obair, agus tá sé sin ceadaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Beidh Páirc Phailmíre (L-5117-0) dúnta ó Dé Luain an 9 Meitheamh go dtí Dé hAoine an 27 Meitheamh. Beidh Bóithrín na Sliogán (L-5110-0) dúnta ó Dé Luain an 30 Meitheamh go dtí Dé hAoine an 1 Lúnasa. 

Déanfar an trácht a atreorú le linn na tréimhse sin, ach beidh rochtain áitiúil agus éigeandála i bhfeidhm an t-am ar fad. Beidh an mhalairt treo do Pháirc Phailmíre tríd an R-337-4, an R-864-16 agus an L-5109-0. Beidh an mhalairt treo do Bhóithrín na Sliogán tríd an L-5113-1, an R-337-2, an L-5115-0 agus an L-5111-0. 

Déanfaidh an conraitheoir teagmháil dhíreach le custaiméirí a mbeidh tionchar díreach ag na hoibreacha feabhsúcháin sin ar a réadmhaoine chun faisnéis a sholáthar faoi na hoibreacha riachtanacha. 

D’fhéadfadh sé go mbeadh bristeacha gearrthéarmacha sa soláthar uisce ann ó am go chéile, ach cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra do chustaiméirí 48 uair an chloig ar a laghad roimh aon bhristeacha pleanáilte. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le roinnt bearta sealadacha bainistíochta tráchta le linn thréimhsí na hoibre, ach cuirfear iad sin in iúl roimh ré. 

Dúirt Enda Mac Namara, bainisteoir cláir ag Uisce Éireann, go ndéanfar laghdú suntasach leis na hoibreacha ar an méid uisce glan a chailltear de bharr sceitheadh faoi thalamh agus go soláthrófar soláthar níos iontaofa do chustaiméirí i gCathair na Gaillimhe. 

“Tá an clár oibreacha seo riachtanach chun feabhas a chur ar an gcáilíocht uisce do chustaiméirí Uisce Éireann sa cheantar.” “Laghdófar leis na hoibreacha freisin cásanna ísealbhrú agus cur isteach eile ar an tseirbhís ar an líonra, trí phíbobair nua nua-aimseartha a chur in ionad sean-phríomhlíonra atá ag dul in olcas” arsa Enda. 

“Admhaímid go gcuirfidh na hoibreacha isteach ar chónaitheoirí agus ar ghnólachtaí sa cheantar, agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na custaiméirí lena mbaineann as a bhfoighne roimh thús na n-oibreacha.” Oibreoidh ár bhfoirne chomh gasta agus chomh dícheallach agus is féidir chun an clár oibre a chríochnú.” 

Tabharfaidh Farrans Construction faoi na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann.  

Tá Ionad Teagmhála Custaiméirí Uisce Éireann, atá ar oscailt 24/7 ar shaorghlao 1800 278 278, ar fáil le haon cheisteanna a fhreagairt. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.water.ie.  

Cuireann Uisce Éireann seirbhís téacs saor in aisce ar fáil a thugann nuashonruithe fíor-ama maidir le saincheisteanna áitiúla. Féadann custaiméirí clárú leis lena nÉirchód agus lena n-uimhir fóin póca ar an leathanach foláirimh téacs.  

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú.  

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.