Skip to main content

Bainfidh pobal Ghleann Cholm Cille tairbhe as infheistíocht Uisce Éireann

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Tá Uisce Éireann meáite ar sceitheadh a laghdú ar fud Dhún na nGall i gcónaí, agus oibreacha feabhsúcháin le tosú i nGleann Cholm Cille sna laethanta amach romhainn.

Tá Uisce Éireann tar éis tús áite a thabhairt d’oibreacha athsholáthair ar níos mó ná 300m de shean-phríomhphíobáin uisce, agus ní hamháin go gcuirfidh sé sin le hiontaoibh an phobail sa soláthar uisce dá gcuid tithe agus gnólachtaí, ach chomh maith leis sin tiocfaidh deireadh le sceitheadh uisce chóireáilte isteach sa talamh. 

Beidh an tionscadal tábhachtach athsholáthair príomhphíobán uisce seo ar bun ag foirne feadh an R230 agus an L5055 mar chuid de Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite Uisce Éireann.  Áireofar leis na hoibreacha freisin naisc seirbhíse uisce nua a leagan síos ón bpríomhlíonra poiblí sa bhóthar chuig teorainneacha réadmhaoin na gcustaiméirí agus é a nascadh le soláthar uisce na gcustaiméirí. 

Tá Patricia Lowry, Bainisteoir Cláir Uisce Éireann, ag tnúth go mór leis an tionscadal seo a chur i gcrích ar mhaithe le custaiméirí i nGleann Cholm Cille.
“Tá an obair bhunriachtanach seo ina cuid den infheistíocht shuntasach atá á déanamh ag Uisce Éireann chun feabhas a chur ar an líonra uisce ar fud na tíre, agus tús áite á thabhairt d’infheistíocht sna háiteanna ina bhfuil an gá is mó léi, agus pobail á gcumasú chun dul ó neart go neart. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil roimh ré le custaiméirí i nGleann Cholm Cille as a gcomhoibriú agus as a gcuid foighne agus na hoibreacha sin á gcur i gcrích againn.” 

Beidh soilse tráchta i bhfeidhm le linn na n-oibreacha ionas gur féidir na hoibreacha a dhéanamh ar bhealach éifeachtach sábháilte.

Dúirt Patricia: “Tuigimid go bhfuil an cineál oibre seo míchaoithiúil, agus déanfaidh ár bhfoirne a seacht ndícheall nach gcuirfear isteach ar mhuintir na háite níos mó ná mar is gá. Is oibreacha ríthábhachtacha iad seo chun iontaofacht an tsoláthair i nGleann Cholm Cille a chinntiú san am i láthair agus san am atá le teacht, agus is mó i bhfad na tairbhí fadtéarmacha ná aon chur isteach gearrthéarmach.

Cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra 48 uair an chloig ar a laghad do chustaiméirí sula mbeidh aon chur isteach pleanáilte sa soláthar uisce ann. 

Is é Farrans Construction a dhéanfaidh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann agus meastar go mbeidh siad curtha i gcrích faoi dheireadh na bliana seo.
Tá Ionad Teagmhála Custaiméirí Uisce Éireann, atá ar oscailt 24/7 ar shaorghlao 1800 278 278, ar fáil le haon cheisteanna a fhreagairt. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.water.ie.

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú. 
 

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.