Srianta uisce ist’oíche ar Inis Oírr le leanacht ar aghaidh d’fhonn soláthar i rith an lae a chosaint
Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section
Tá Uisce Éireann ag meabhrú do chustaiméirí ar Inis Oírr go bhfuil srianta uisce ist’oíche ar sholáthar uisce an oileáin i bhfeidhm go fóill.
Tugadh srianta uisce ist’oíche i bhfeidhm i lár mhí Aibreáin d’fhonn uisce a chaomhnú agus soláthar i rith an lae a chosaint.
Tá srianta i bhfeidhm ó 11pm go 7am agus tá siad riachtanach chun leibhéil taiscumair ar Inis Oírr a chosaint agus chun a chinntiú go bhfuil soláthar leanúnach uisce ar fáil do mhuintr na háite agus do chuairteoirí ar an oileán.
Ghabh Tony Kelly ó Uisce Éireann buíochas le custaiméirí ar Inis Oírr as a gcomhoibriú agus d’iarr sé orthu a gcuid uisce a chaomhnú.
“Táimid ag iarraidh ar chustaiméirí díriú ar an úsáid a bhaineann siad as an uisce.
"Is féidir le hiarrachtaí simplí caomhnaithe uisce éifeacht nach beag a bheith acu ar éileamh ar an soláthar a laghdú. Is féidir suas le sé lítear uisce in aghaidh an nóiméid a shábháil má chastar an sconna as, fad is a mbítear ag scuabadh fiacla nó ag bearradh feasóige. Is féidir difríocht ollmhór a dhéanamh d’úsáid uisce má thógtar cith seachas folcadh, má bhaintear úsáid as canna spréite seachas píobán nuair a bhítear ag garraíodóireacht.
“Táimid ag cur i gcuimhne do dhaoine atá freagrach as áitribh nach bhfuil áitithe faoi láthair seiceáil a dhéanamh do sceití agus uisce a mhúchadh nuair nach bhfuil sé ag teastáil,” a dúirt Tony.
Chun teacht ar bhealaí simplí chun uisce a chaomhnú, feach ar áireamhán caomhnaithe uisce, Uisce Éireann; (www.water.ie/calculator) d’fhéadfadh sé cabhrú le daoine a dhéanamh amach cé mhéad uisce atá in úsáid acu faoi láthair agus conas is féidir tuilleadh uisce a chaomhnú.
Déantar cumarsáid go díreach le custaiméirí leochaileacha atá cláraithe linn maidir le héaradh seirbhíse atá pleanáilte agus cinn nach bhfuil pleanáilte a mhairfidh ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre uair an chloig.
Tá foireann chúram custaiméirí Uisce Éireann ar fáil 24/7 ar 1800 278 278 agus is féidir le custaiméirí teagmháil a dhéanamh linn ar X @IWCare. Chun tuilleadh eolais chun dáta a fháil teigh chuig ‘seirbhís agus soláthar’ ar www.water.ie.
Tá seirbhís téacsteachtaireachta, saor in aisce seolta ag Uisce Éireann a chuireann eolas fíor-ama ar fáil maidir le fadhbanna áitiúla. Is féidir le custaiméirí clárú leis an Éirchód agus an uimhir ghutháin anseo.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.