Ba mhaith le hUisce Éireann a chur i gcuimhne do thiománaithe an Chéididh go mbeidhdúnadh bóthair ann chun oibreacha riachtanacha a éascú
Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section
Ba mhaith le hUisce Éireann a chur in iúl do thiománaithe go mbeidh dúnadh bóthair sa Chéideadh, Iarthar Dhún na nGall, chun oibreacha a éascú chun sean-phríomhlíonra uisce d’iarann teilgthe a athchur, rud a chinnteoidh soláthar uisce níos iontaofa.
Cuirfear píboibreacha nua in áit breis agus 3.6km de shean-phríomhlíonra uisce d’iarann teilgthe sa cheantar mar chuid de Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite de chuid Uisce Éireann.
Chun na hoibreacha seo a chur i gcrích go sábháilte, beidh dúnadh bóthair feadh an R-259 ón Luan, 30 Meitheamh go dtí an Aoine, 8 Lúnasa. Cuirfear an trácht ar mhalairt slí i rith na dtréimhsí sin. Is féidir leis an bpobal a bheith cinnte go mbeidh rochtain áitiúil agus éigeandála ann an t-am ar fad.
Agus na hoibreacha seo curtha i gcrích, ní hamháin go mbeidh níos mó muiníne ag tithe agus gnólachtaí áitiúla as a soláthar uisce, ach cuirfidh na píboibreacha nua seo deireadh leis an sceitheadh uisce cóireáilte sa talamh.
Ghabháil Patricia Lowry, Bainisteoir Cláir de chuid Uisce Éireann, buíochas leis an bpobal as ucht a bhfoighne agus a gcomhoibrithe.
“Cuideoidh soláthar an tionscadail seo a bhaineann leis an bpríomhlíonra uisce a athchur le soláthar uisce níos sábháilte agus níos sláine a sholáthar dár gcustaiméirí sa Chéideadh. Rachaidh an infheistíocht seo sa cheantar chun tairbhe do na glúnta atá le teacht. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le muintir na háite as ucht a gcomhoibrithe agus a bhfoighne leanúnach agus na hoibreacha riachtanacha seo á gcur i gcrích againn.”
Tá na hoibreacha seo á gcur i gcrích ag Farrans Construction thar ceann Uisce Éireann agus táthar ag súil go mbeidh an tionscadal curtha i gcrích roimh dheireadh na bliana.
Tá Ionad Teagmhála Custaiméirí Uisce Éireann, atá ar oscailt 24/7 ar shaorghlao 1800 278 278, ar fáil le haon cheisteanna a fhreagairt. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.water.ie.
Cuireann Uisce Éireann seirbhís téacs saor in aisce ar fáil a thugann nuashonruithe fíor-ama maidir le saincheisteanna áitiúla. Féadann custaiméirí clárú leis lena nÉirchód agus lena n-uimhir fóin póca ar an leathanach foláirimh téacs.
Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.